Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 157
B’in é an cur síos a rinne Irisleabhar na Gaedhilge air i Márta 1896 agus chuir sé i gcuimhne do na léitheoirí gurbh é ‘an Pléimeannach a scríobh an chéad alt den chéad Irisleabhar ··· Tugtar eolas ar a pháirt i gcúis na teanga in Irisleabhar na Gaedhilge Uimhir 34 1890 faoin teideal ‘The beginning of the end’ ··· Tréimhse mhíorúilteach ina bheatha na blianta 1881–1891: fear, a raibh meathlú tubaisteach na Gaeilge agus dearóile an 19ú haois faoin tuath ar fad feicthe aige, a theacht chun cónaithe i gcathair agus, d’ainneoin easláinte agus bheith in earr a aoise, gur éirigh leis ionad tábhachtach i ngluaiseacht réabhlóideach a líonadh. Is beag a d’fhág sé ina dhiaidh, aistí san Irisleabhar agus cuntas ar bheatha Dhonncha Rua (le fáil in eagrán Thomáis Uí Fhlannghaile[q.v.] de Eachtra Ghiolla an Amaráin a foilsíodh in 1897)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é an tUrramach Maxwell Close a choinnigh Irisleabhar na Gaedhilge beo ó 1882 gur ghlac Conradh na Gaeilge a chúram air féin in 1893 ··· Ní hamháin go n-íocadh sé billí an Irisleabhair ach nuair a d’éirigh Seán Pléimeann as an eagarthóireacht toisc sean-aoise thug sé pinsean dó ··· Mar sin a tharla gur ullmhaigh Carl Marstrander an chéad fasciculus (D-degoir) faoi dheifir in 1913. Shíl an Craoibhín nach mbunófaí Conradh na Gaeilge ar chor ar bith marach an chabhair airgid a thugadh Close don Irisleabhar ··· Tá sé fíoraisteach mar sin nár foilsíodh puinn ina thaobh in An Claidheamh Soluis ná in Irisleabhar na Gaeilge féin nuair a d’éag sé ar 12 Meán Fómhair 1903
Is léir ar eagarfhocal Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1897, gur oir sé go breá don Chonradh go mbeadh a leithéid ar fáil ··· In uimhir Eanáir de Irisleabhar na Gaedhilge dúradh: ‘The Gaelic Journal will henceforth be relieved of the duty of chronicling the events of the movement, and will, consequently, be almost wholly devoted to the literary cultivation and accurate study of the Irish language’. Ní raibh an bhliain féin istigh nuair a d’éirigh eatarthu ··· Chuir Eoin Mac Néill, eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge, síos ar chuid de na deacrachtaí sin agus luaigh go raibh míshástacht bhaill Chraobh na Laoi den Chonradh á cur chun cinn in iris Uí Dhubhghaill
Chláraigh mac léinn darb ainm James Cogan i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 1893 ach níl fianaise ann gurbh é an fear seo againne é, cé gur dóigh gurbh é. In Irisleabhar na Gaedhilge 1 Nollaig 1894, ar lch 144, ta an mhír nuachta seo: ‘The first branch of the Gaelic League, outside of the large towns, has been established in the Beara district, West Cork, principally through the energy of Mr Patrick O’Leary] [B1], National Teacher, Eyeries, and of Mr James Cogan of the Central Branch, who specially visited the locality’ ··· Faoi cheann ceithre bliana bheadh an bheirt ógfhear sin marbh den eitinn. Bhí Séamus i láthair ag cruinniú den Ard-Chraobh 28 Nollaig 1894 chun léitheoireacht as an Irisleabhar a thabhairt ··· Tagairt dó níl ina dhiaidh sin san Irisleabhar go dtí Aibreán 1897 ··· Do scríobh sé chum an Irisleabhair agus chum United Ireland
‘The leading spirit of the Irish Musical Revival’ an cur síos a dhéanann Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán uirthi ··· Thug sí léacht sa Chlub Caitliceach i mBaile Átha Cliath 14 Feabhra 1896 agus thuairiscigh an Irisleabhar (Márta 1896): ‘Dr Patterson did not fail to point out the inseparable union between the music and language of Ireland’. Is leis an bhFeis Cheoil is mó a luaitear a hainm ··· Dúradh in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897: ‘There can be no doubt but that it is was a great and significant national celebration
Le Gaeilge a tógadh Pádraig, is cosúil: tá tagairt aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1891, do amhrán a thug sé leis óna athair. Ar nós go leor daoine san am, b’fhéidir, ní raibh bliain a bhreithe ar eolas aige féin ná ag a bhanchéile ··· Bhí cónaí orthu beirt ag 5 Sráid Mercer Íochtarach, ag an am. In Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 27 1887, tágraítear dá bhallraíocht de chomhairle Aontacht na Gaeilge agus deirtear gurbh é a chuidigh le rún Sheáin Pléimeann [B1] go gcuirfí siar an cruinniú den chomhairle le hómós don Athair Uilleog de Búrca [B1] a bhí tar éis bás a fháil ··· I nóta faoin leabhar in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1892 deirtear: ‘..
Nuair a foilsíodh litir a scríobh sé abhaile ón Afraic Theas ar 18 Iúil 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897) chuir an t-eagarthóir Eoin Mac Néill an méid seo mar réamhrá: ‘Tháinig an litir seo tamall ó shin ó sheanchara don Irisleabhar agus do chúis na Gaeilge, ón té b’fhéidir dob fhearr eolas ar Ghaeilge agus ba mhó spéis inti i gConnachtaibh an fhaid a bhí sé ann’. Rinne sé máithreánach na hOllscoile Ríoga in 1891 agus b’fhéidir gur chaith sé tamall ina mhac léinn i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ··· Tá cur síos aige ar an saol ann in aiste dar teideal ‘An coigcríoch thar sáile’ (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1900)
Bhí tionóil phoiblí den sórt sin á reáchtáil ar fud na hÉireann agus is dóigh gur ag tagairt a bhí sé don tionól a chuir Cumann GaelachThrá Lí ar siúl sa bhaile sin 31 Bealtaine 1896 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1896) ··· Bhíodh aistí agus scéalta béaloidis i gcló aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, Ard na hÉireann.... D’aistrigh sé go Lusca, Co ··· Bhí sin i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899, faoin teideal ‘Blúire de dhráma Gaelach’
An Coimíneach ba mhó faoi deara Irisleabhar na Gaedhilge a thabhairt ar an saol agus ní mór é a áireamh ar an mbeagán ba mhó a rinne leas na teanga sa 19ú haois. I Sraid Anraí, Cill Rois, ar 13 Bealtaine 1854 a rugadh é ··· Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge ó thosach go dtí 1887. Níor phós sé ··· Tá an cur síos seo ag Seán Pléimeann in Irisleabhar na Gaedhilge Iml IV, 1889: “Without speaking Irish and without assistance, he acquired a great knowledge of the language
Seanfhear san áit a raibh cáil an eolais air, dúirt sé le húdair an chuntais seo (Aibreán 1994) gur shíl sé go mba strainséir é; ní raibh de sheanchas aige ina thaobh ach gur chuala sé riamh aon duine a bhí ar scoil ag Dan Faherty go mba scoláire maith é. Tá a ainm (‘Daniel Louis Faherty’) i measc shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883 agus i measc an scór múinteoir i nGaillimh a bhí cáilithe in 1893 chun Gaeilge a theagasc (liosta i gcló in Micheál Ó Locháin agus ‘An Gaodhal’, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin). Bhí ábhar i gcló aige den chéad uair in An Gaodhal, páipéar i Nua-Eabhrac, in 1890 ··· In Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1892, sular foilsíodh an leabhar, tagraíodh ar an gcuma seo dó: ‘The collector is Mr Daniel O’Flaherty [sic] of Calla, one of the best modern Irish scholars of the present day’ ··· Nuair a chuir Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1893, fáilte roimh an Irish Echo a bheith athbheoite i mBoston dúradh go raibh aistí ann ag Windisch [q.v.] agus an Fothartach
Thug sé ar na húdaráis cead a thabhairt Irisleabhar na Gaedhilge a ligint isteach sa choláiste agus meastar gurbh eisean faoi deara go mbíodh dosaen cóip á gceannach ··· D’éirigh sé cairdiúil le Dubhghlas de hÍde in 1892. Chuaigh sé i bhfeighil eagarthóireacht agus bainistíocht Irisleabhar na Gaedhilge Meán Fómhair 1891 ··· Nuair a fuair Euseby Cleaver [B1] bás in 1894 ba é Ó Gramhnaigh a toghadh mar Leas-Uachtarán ar an gConradh ina áit. Ba é an tArdeaspag Liam Breathnach a d’iarr air ceachtanna simplí a scríobh don Weekly Freeman agus chuir sé tús leo ansin agus in Irisleabhar na Gaedhilge in 1893 faoin teideal ‘Easy lessons in Irish’
Thug Dubhghlas de hÍde[q.v.] a léacht ar dhí-shacsanú na hÉireann 25 Samhain 1892 agus sórt freagra air sin ba ea alt ag Eoin in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1893 dar teideal ‘Toghairm agus Gleus oibre chum Gluasachta na Gaedhilge do chur ar aghaidh in Éirinn’ ··· Nuair a theip ar shláinte Uí Ghramhnaigh in 1894 chuaigh sé i mbun eagarthóireacht Irisleabhar na Gaedhilge, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé i mbun eagarthóireacht An Claidheamh Soluis i dtús 1899 ··· Ceann díobh is ea ‘Ard Í Cuain’ in Irisleabhar na Gaedhilge Deireadh Fómhair 1895: bhí aithne mhaith ag a mháthair ar John McCambridge, an Protastúnach a chum. Ba iad na trí leabhar Bhéarla ba mhó a chuaigh i gcion ar an bpobal Phases of Irish history (1919), Celtic Ireland (1921), agus Early Irish laws and institutions (1935)
Keawell (88 Penrose Street, Walworth, London S.E.) ag íoc sintiúis le Irisleabhar na Gaedhilge i Meán Fómhair 1883 ··· Ba é a thugadh aire don ábhar Béarla in Irisleabhar na Gaedhilge (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897)
Tá tagairt dó in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1897, mar ‘an active member of Committee of London Gaelic League’ ··· Is ó Jerusalem a chuir sé ‘Barántas na Leabhar’ le Donncha Ó Buachalla chuig Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1899 ··· Two Arthurian romances, edited and translated, 1908 (Rinne Tomás Ó Rathile[B2] léirmheas air in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1909: ‘The very mildest thing that can be said of Mr Macalister’s book, is that it is thoroughly unsatisfactory
In Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1883, tá Thomas Meehan, 19 agus 20 Winetavern Street, i liosta na ndaoine a d’íoc táille na hirise ··· Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh an Conradh ann 25 Eanáir 1894 (Irisleabhar na Gaeilge, Feabhra 1894) ··· Ó Ceallaigh [B4] as a phost mar bhainisteoir ar An Claidheamh Soluis agus Irisleabhar na Gaedhilge cinneadh gan an post a líonadh go ceann sé mhí agus ceapadh Tomás mar locum tenens (idem 22 Bealtaine 1909)
Scríobh sé aistí agus scéalta idir 1903 agus 1904 san iris sin agus in An Claidheamh Soluis, The Leader, Banba, Irisleabhar na Gaedhilge ··· Tá a phictiúr ar chlúdach Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1904 ··· Bíonn tagairtí dó in The Nation, Irisleabhar na Gaedhilge, agus Sinn Féin idir 1896 agus 1930 agus b’fhurasta é a thógáil in amhlachas ár nDiarmuda.
Waterford.’ I gcás Uí Chearmada tá sin léirithe aige le cur síos ar: a chaidreamh le Seán Pléimeann [B1], Muiris Ó Faoláin [B1], Riobard Bheldon [B2] agus a theagmhálacha le Micheál Ó Foghludha [B2; 105], Domhnall Ó Fearchair[B3], Pádraig Mac Piarais [B4], Dubhghlas de hÍde [B4]; a mhéid a rinne sé chun dánta Bheldon a bhailiú agus a fhoilsiú; na hamhráin agus na lámhscríbhinní a bhailigh sé; a obair mar scríobhaí agus a bhfuil foilsithe aige in Irisleabhar na Gaedhilge. Tá a bhfuil anseo thíos bunaithe ar aiste Uí Mhacháin ··· Comharsa leis ba ea Riobard Bheldon. In Irisleabhar na Gaedhilge Uimh 26, Iml ··· In Irisleabhar na Gaedhilge, 33, Iml
Ba é a dhear an bhratach agus a chuir na focail ‘Ceart dom, Ceart duit’ uirthi. Tá a ainm i liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883 ··· Bhí nóta aige i dtaobh Baile Bhuirne mar logainm in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1899
Glacadh leis an rún seo ag cruinniú de Chumann Múinteoirí Náisiúnta Dhún Garbhán i mí Iúil 1893, dar le Irisleabhar na Gaedhilge: ‘That we thank the Rev E.O ··· Is dóigh gurb é an t-oide scoile é is mó a mbíodh trácht san Irisleabhar ar a ghníomhartha ar son na teanga
Lyons in Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1898: O’Conway’s MS ··· The Catholic Historical Society does not intend to part with it. Cuireadh an nóta i gcló arís in The Irish Book Lover, Samhain-Nollaig1929 maille leis an abairt seo ó Shéamus Ó Casaide: The above note appears in Irisleabhar na Gaedhilge for Eanáir, 1898, and the editor, who suggested that O’Conway might have been educated by the Jesuits in France, and so have a competent knowledge of philology, stated that the Gaelic League was in communication with the Historical Society with a view to having O’Conway’s work examined.
Bhí sé ina bhall de choiste na hArd-Chraoibhe (Irisleabhar na Gaeilge 25 Samhain 1897) agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900 go raibh éirithe as aige ··· Thuairimigh Torna freisin gur bhrostaigh sé an bás chuige leis an obair go léir a dhéanadh sé. Bhí aistí léannta aige in The Irish Rosary, Irisleabhar na Gaedhilge, Irish Ecclesiastical Record, Royal Irish Academy Proceedings, Miscellany presented to Kuno Meyer, Ériu ...
In Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1883, d’fhoilsigh sé ‘Donnchadh Ruadh Macnamara: a bheatha agus a imtheachta; mar aon le trácht ar a dhánta’ ··· Donnchadh a bhí ar an mac agus fíodóir ba ea é in aice le Coill Mhic Thomáisín. Thuairmigh Pléimionn (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh
Tagraíonn Seán Pléimeann[B1] do shíntiús deich scilling a fuair sé uaidh (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 36, 1890) ··· Bhí ‘Irish MSS in Library of St John’s College, Waterford’ aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904-Feabhra 1905. Bhí sé ina eagarthóir ar Journal of Waterford and South East of Ireland Archaeological Society ó 1896 go 1915 agus san iris sin a foilsíodh a mhórshaothar Place-names of the Decies ar dtús
Bhí cónaí orthu ag 11 Cnocán an tSéipéil, Corcaigh (Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1903) ··· Tá litir agus pictiúr i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1903
Is dóigh nach bhfuil ann ach comhtharlú gurbh i gceantar Chill Chaoi a bhí Seán Lúid (d’éag 1786), file, ag cur faoi. Bhí ceolchoirm ar siúl ar 12 Márta 1896 ag an gConradh i gCorcaigh agus thuairiscigh Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896: ‘Mr Owen Lloyd, the celebrated harpist, contributed prominently to the success of the entertainment’ ··· Chum sé ‘Fantasia of Irish airs’ i gcomhair an Oireachtais in 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897)
Chuir sé trí dhán le Máire Bhuí Ní Laoghaire i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge idir Aibreán 1896 agus Meitheamh 1897 ··· Um Cháisc 1897 bhí sé i láthair sa Tholsel i gCill Chainnigh thar ceann Phort Láirge nuair a bunaíodh craobh den Chonradh (Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1897)
Faoi 1895 bhí eolas maith aige ar an teanga mar is léir ar litir uaidh in Irisleabhar na Gaedhilge an Mhárta. An léann clasaiceach a bhí ar siúl aige sa Choláiste Ollscoile agus i ndiaidh céim a fháil thosaigh sé ag múineadh i meánscoileanna Chorcaí agus go háirithe sa Scoil Ghramadaí ··· Ag tagairt do An Leughthóir Gaedhealach, iris a ndéanadh Bergin eagarthóireacht uirthi do Chraobh na Laoi, dúirt Irisleabhar na Gaedhilge faoi in Iúil 1897: “In our opinion, one of the acutest and most accurate of living Irish scholars, and master, to a marvellous degree, of the powers of expression of the Irish language”. I Meitheamh na bliana roimhe sin bhí a eagrán de “Caoine Airt Uí Laoghaire” i gcló, é bunaithe ar lámhscríbhinn a bhí i seilbh an Athar Peadar Ó Laoghaire
Dar le Irisleabhar na Gaedhilge (Meitheamh 1897) gur neacht í Norma le Sir Algernon Borthwick, an chéad Bharún Glenesk, eagarthóir agus uinéir an Morning Post ··· Cuid dá cúram bainistíocht Irisleabhar na Gaedhilge
Bhí a chéad aiste aige i gcló in Eanáir/Feabhra 1896 in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Dúradh faoi in Irisleabhar na Gaedhilge (Meán Fómhair 1908): “Tá an oiread sin cosúlachta ag an aistriú le obair a déanfaí as an nua go samhlaimíd uaireanta agus sinn á léamh gur seanchaí éigin Gaelach a chum an scéal”
Deirtear nár thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim go dtí gur fhág sé Maigh Nuad ach chomh luath le 1898 bhí cuid dá dhéantús Gaeilge i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Ó Mhárta go Meitheamh 1905 bhí Irisleabhar na Gaedhilge ag foilsiú a aistriúcháin ar fhilíocht Beranger
Scríobh Seán Pléimeann [B1] in Irisleabhar na Gaedhilge Iml ··· Ach an fáth a mbeidh cuimhne ag Éireannaigh air gurbh é a scríobh na ‘hamharcha cleasacha’ úd a bhí in Irisleabhar na Gaedhilge in 1882-3: Brian Bóraimhe; Brian Bóraimhe agus a anamchara; Brian Bóraimhe agus a Bhard
Chabhraigh sé le Séamas Ó Rónáin chun The Keltic Journal and Educator a thabhairt amach i Manchuin ó 1868 go 1870; thug sé Seán Mag Fhlainn[q.v.] chun tosaigh agus chabhraigh leis chun roinn na Gaeilge a choimeád ar siúl in The Tuam News; bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Buan-choimeáta na Gaeilge in 1876, Aondacht na Gaeilge in 1880 agus Irisleabhar na Gaedhilge in 1882 ··· Sa chéad uimhir de Irisleabhar na Gaedhilge thosaigh sé ar a bheathaisnéis den Ardeaspag Mac Héil agus lean sé air go dtí deireadh 1886
Nuair a d’éirigh Seosamh Laoide as eagarthóireacht Irisleabhar na Gaedhilge in 1902 ceapadh Tadhg ina ionad ··· Tá léirithe i réimse an tsaothair sin gur dhuine ar leith Torna, mar a dúirt An Seabhac (Feasta, Nollaig 1949), sa mhéid nár bháigh an scoláireacht ‘an Torna bunaidh, an Torna dúchais a fáisceadh as traidisiúin scoláireachta an tseansaoil.’ An chéad dán leis dá bhfuil i gcló, ‘Iarghnó ar bhás Sheagháin Pléimionn’, foilsíodh é i mí an Mhárta 1896 in Irisleabhar na Gaedhilge
Bhí an post sna bóithre iarainn aige ar feadh an ama, ar ndóigh, agus rang aige sa Chonradh agus é ag scríobh do Irisleabhar na Gaedhilge ó 1891 amach ··· In 1899 ceapadh é ina eagarthóir ar an Irisleabhar
‘Clann Concobar’ a bhíodh lena dhéantús in Irisleabhar na Gaedhilge ··· Maidir lena bheith eolach ‘i gceol agus damhsa na hÉireann agus morán d’ealadhnaoibh eile’, bhí aiste fhíorspéisiúil i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1898: ‘Mar leagadh an teach’
Bhí dánta, idir bhundánta agus aistriúcháin, i gcló aige ó 1882 amach in Irisleabhar na Gaedhilge, An Gaodhal, The Leader, Banba, An Claidheamh Soluis ··· Is faoin gCraoibhín Aoibhinn agus Domhnall a bhí sé Seán Mac Héil a chaoineadh in Irisleabhar na Gaedhilge, cé go raibh caoineadh Dhomnaill i gcló cheana féin in The Irishman
Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Bealtaine 1895 go ndúirt sé ag comhdháil den Chonradh i gCorcaigh ar 17 Aibreán 1895: ‘He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue and meant to continue working while he lived’ ··· Bhí an fógra seo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895: ‘Irish ms
Bhí sé i gceannas buíon foghlaimeoirí (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895), scéal chath Chéim an Fhia á insint aige babhta eile (ibid 1 Deireadh Fómhair 1895), é i láthair ag comhdháil i dTrá Lí thar ceann Chorcaí, é ag tacú leis an gConradh i nGabhgán Barra ag cruinniú san áit sin ar 21 Meitheamh 1896 ··· Bhí aiste aige faoin ainm cleite ‘Slibire Fir’ in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1907
Sonas ort, a Phádraig, a éigeas na Laoi. Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1895, i dtaobh cruinnithe den Chonradh i gCorcaigh a raibh an Craoibhín i láthair aige: ‘Léigh mac mic an Stúndúnaigh scéal as An Sgéulaidhe Gaedhealach ··· An t-aon mhíniú eile a d’fhéadfadh a bheith ar chontrárachtaí aoise agus eile an scéil gur phós Pádraig faoi dhó. Thosaigh Pádraig ag cur scéalta chuig Irisleabhar na Gaedhilge in 1884
I spent two days endeavouring to find an Irishman who understood his mother tongue’ (i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Iml III Uimhir 31 1889). D’fhan sé i dteach Pháidín Mhic Dhonncha (‘Ollscoil na Gaeilge’) in Inis Meáin in 1880 ag foghlaim Gaeilge ··· All the impressions I got here were owing to the many conversations I had with the people in the Irish language’. Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge agus bhí litir uaidh i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge chomh luath le Nollaig 1882
Bhí ceathrar mac agus seachtar iníonacha acu. B’fhéidir a rá gurbh eisean a thug ionad ar léarscáil Chonradh na Gaeilge don cheantar, ionad a bhí lán chomh suntasach lena raibh ag paróistí cáiliúla Chnoc a’ Bhile i dTiobraid Árann, agus Chill Scíre i gContae Thír Eoghain. Tuairiscítear in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895 go bhfuair sé teastas múinteoireachta Gaeilge in Iúil na bliana roimhe sin ··· In Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1897, tá scéal Fiannaíochta a fuair sé ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, an Cnoc Dubh, Cuilinn, agus fuair sé duais Oireachtais in 1899 ar scéal eile ón bhfear céanna
Bhí Séadna á fhoilsiú in Irisleabhar na Gaedhilge ó Shamhain 1894 go hAibreán 1897 le linn do Mhac Néill a bheith ina eagarthóir ··· Stop á chur le srathú Séadna san Irisleabhar agus litriú an tsagairt á cheartú garchúiseanna an aighnis sin
Bhí alt ‘Irish in the Glens of Antrim’ i gcló ag Mac Néill in Irisleabhar na Gaeilge, 6, 1895 agus is ann a cuireadh focail an amhráin i gcló don chéad uair ··· I managed to rescue and print one of his songs, Ard Í Chuain, a really beautiful little lyric, which I printed in an old number of the Gaelic Journal
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht sa tréimhse 1902–10 agus bhíodh a dhéantús i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Sinn Féin, Misneach, The Leader ..
Is beag cabhair a bhí le fáil aige i gcás na Nua-Ghaeilge: cheana féin ba é an Rathileach a bhí ina mháistir orthu go léir. Bhí sé ag scríobh aistí in 1905–6 in Irisleabhar na Gaedhilge, dar le Brian Ó Cuív, ach níor chuir sé a ainm leo
Bhíodh ábhar aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An tÉireannach, The Shan Van Vocht, The Irish Nation, The Parnellite, Cork Examiner
Tá a ainm i measc síntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1884
Chomh luath le Nollaig 1892 bhí aistriúchán a rinne Dubhghlas de hÍde ar amhrán dá chuid i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge faoin teideal ‘Maol-chnuic Chláir, ar lorg dáin do sgríobh Proinsias Ó Fathaigh’. Maoithneas an deoraí a dhéanann a chuid amhrán taitneamhach
Ba é ba mhó a bhí ag scríobh faoi Ghaeilge Thír Chonaill in Irisleabhar na Gaedhilge ó 1890 amach
Chaith sé tamall de laethanta i Reachlainn an bhliain sin agus scríobh síos abairtí agus téarmaí agus d’éist le hamhráin agus scéalta (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Nollaig 1895)
Tá péire amhrán a scríobh Proinsias síos i Lios Liath i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1893, ‘Frainc Mac Uinnseacháin’ an leagan den ainm a d’úsáideadh sé ag an am sin. Is mar thimire freisin a bhí Mac Uinseannáin ag obair go dtí gur thug siad an cúram sin do fhear eile
Agus bhí sé ag comhdháil Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh ar 17 Aibreán 1895 agus dúirt ann: ‘He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue, and meant to continue working while he lived’ (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Bealtaine 1895)
Bhí sé ina rúnaí ag an gcoláiste sin ar feadh tamaill. Bhí spéis mhór aige i mbéaloideas a cheantair féin agus tá cuid dár bhailigh sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge agus in Béaloideas
Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i dTír Chonaill beagnach ó thosach agus bhí sé ag an gcruinniú mór sna Cealla Beaga in 1895 (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Deireadh Fómhair 1895)
Bhí aiste i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899, inar liostaigh sé na hainmneacha a bhí ag iascairí Chuan Mó ar na héise
Ach is seoltaí Meiriceánacha atá i ndiaidh a ainm i liostaí bhaill Chomhairle na hAontachta in imleabhair thosaigh (1882–6) Irisleabhar na Gaedhilge
‘Duine de na hamhránaithe is binne atá againn’ a thug Irisleabhar na Gaedhilge air in 1888
Fuair sé cabhair ó Thomás Mac Eoin, máistir scoile Dhroichead an Mhionnáin (ní foláir nó gurbh é an Tomás Seons úd é a sheol litir ó Dhroichead an Mhionnáin i dtaobh ‘Béarlagair na Saor’ chuig Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1898), agus chuir sé aithne ar chuid de na seanchomharsana ar Ghaeilgeoirí iad. Fuair sé a chéad phost i siopa éadaitheora i gCorcaigh ar chúig scilling sa tseachtain, agus 64 uair a chloig oibre le déanamh aige, nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois
Bhí aiste agus scéal i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge agus bhí os cionn 30 píosa filíochta aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae
Níorbh annamh bean an uair sin ag filleadh ar theach a muintire chun gurbh ann a shaolófaí an chéad leanbh. Tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge 1 Márta 1895 i dtaobh imeachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar 25 Eanáir: ‘Do bhí dhá bhuíon léinn faoi chúram Dhónaill Uí Chonchubhair agus Eoin Mhic Néill [q.v.]’
Aisteach go leor, bhí Jeremiah Crowley, oifigeach custaim is máil ag obair i mBangor sa Bhreatain Bheag, ar dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883
Duine eile de na ‘máistrí’ ab ea Micheál. Tá aistí agus scéalta Chonchubhair le fáil in Irisleabhar na Gaedhilge, Banba, An Claidheamh Soluis, Glór na Ly, Timire Chroí Naofa Íosa
a dúirt Risteard Ó Foghludha [B1] i ndiaidh a báis. Fuair sí teastas chun Gaeilge a theagasc in 1894 nuair a bhí sí ag múineadh sa Mhodhscoil Láir, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath (Irisleabhar na Gaedhilge I Aibreán 1895)
In 1894 fuair sé teastas le haghaidh múineadh na Gaeilge le linn dó bheith ag obair i scoil Cheathrú Domhain, Ráth Maoláin (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Aibreán 1895)
I litir ag Pádraig Ó Briain in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh
Luaitear é in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1896, mar dhuine díobh sin a chomhthoghadh ina mbaill de Choiste Gnó na hArd-Chraoibhe, ar gheall le coiste náisiúnta na heagraíochta é ag an am sin
Mhol sé in United Ireland 18 Bealtaine 1895 go mbeadh leabhair Uí Ghramhna ar fáil sna seomraí i dtithe ósta na Gaeltachta agus dar le tuairisc in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1895, gurbh eisean a d’fhéach chuige go raibh fáil orthu i dtithe ósta sna Cealla Beaga agus i bPort an tSalainn
Tá samplaí dá óráidí ar son chúis na Gaeilge i nDáil na Breataine in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897
Ba é a mhol go mbunófaí cumann peile Fintan Lalor i gCrois Araild. Bhí baint aige le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896, go raibh sé ag áitiú ag cruinniú den Chumann Staidrimh go múinfí an Ghaeilge sna scoileanna
Dar le Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1896, go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus go raibh sé ag ullmhú eagráin de Betha Cholmcille Mhaghnais Uí Dhomhnaill.
Chuir sé cúpla aiste abhaile chuig Ó Gramhnaigh le cur i gcló san Irisleabhar
Thuigfí ó rud a dúirt sé féin in aiste ar Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1907, gurbh as comharsanacht Bhealach an Doirín dó
Idir 1903 agus 1926 bhí aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, An Lóchrann, Loch Léinn, United Irishman, An Branar, Fáinne an Lae, Banba agus irisí eile
Bhíodh aistí, scéalta agus píosaí aithriseoireachta aige in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Lóchrann agus Banba
Ghléas sé agus d’fhoilsigh sé cúpla amhrán in Irisleabhar na Gaedhilge agus san Journal of the Folk Song Society
Bhí aiste in Irisleabhar na Gaedhilge aige chomh luath le 1909
Bhí sé ina rúnaí ar feadh tamaill ag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus bhí páirt mhór aige in Irisleabhar na Gaedhilge a thabhairt ar an saol
i seilbh chlann a chlainne (Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1901)
Bhí post múinteora aici ach chaith sí suas é cúpla bliain roimh a bás agus bhí ina cónaí lena deartháir. In Irisleabhar na Gaeidhlge Bhealtaine 1904 tá achainí a scríobh Torna á thabhairt le fios go raibh Tomás bocht drochshláinteach agus i ngannchuid
Scéalta agus aistí aige in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Tír agus An Scuab agus scríobh sé na leabhair seo: ‘Go mBeannuighthear dhuit’ i
Tá cuid mhaith dá shaothar spréite ar fud páipéirí agus irisí—The Irish Peasant, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Saol Gaedhealach, An Tír, Fáinne an Lae agus Réalt an Deiscirt (Southern Star)
D’éag sé ann ar 3 Aibreán 1944. Idir 1898 agus 1908 scríobhadh sé dánta agus aistí in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, Banba, United Irishman, An Gaodhal, agus An Claidheamh Soluis
Tá an tagairt seo dó in Irisleabhar na Gaedhilge (Feabhra 1895): “Gaelic League, Dublin
Ach níor foilsíodh a thuilleadh de. In Irisleabhar na Gaedhilge Mhí na Nollag 1895 bhí alt Béarla aici faoin ainm ‘Rose M
Ní raibh na sé bliana déag slán aige san am ach d’fhéadfadh sé bheith fíor go raibh sé ag freastal ar Acadamh an Chíosógaigh i mBaile Átha Cliath agus é ag pulcadh le haghaidh scrúdaithe na státseirbhíse. Faoi Fhómhar 1893, tamall an-ghairid i ndiaidh bhunú Chonradh na Gaeilge, ceapadh é ina chomhchisteoir in éineacht le Seosamh Laoide agus bhí sé ina bhainisteoir ar Irisleabhar na Gaedhilge ar feadh tamaill
Ag Oireachtas 1903 bhuaigh sé duais lena aiste “Cuan na Mara agus a mhuintir” (foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1907)
Tá cuid dár bhailigh Bushe uaidhsean, ó Bhrian Shaffrey ó Mhaigh nEalta, agus i gContae Mhaigh Eo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1891. An spéis sin an fáth, is dóigh, gur thug Mac Néill cuireadh do Bhushe chuig na cruinnithe ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893
“Ní fhéadfainn aon phioc amhrais a bheith orm ná gurbh é Irisleabhar na Gaeilge agus an mhórbhaint a bhí ag Micheál Cíosóg leis a thug air díriú ar an iomáint a chur i réim athuair”, a deir Ó Caithnia
Bíonn tagairtí minice dá aiste “Irish Tradition” in The Journal of the Ivernian Society Vol 2 agus dá “A Plea for Irish Prose” in Irisleabhar na Gaedhilge (Meitheamh 1892). Is deimhnitheach go raibh sé ildánach
“He left no greater Irish scholar behind him”, dúirt Norman Moore sa D.N.B. Cé go raibh sé ina bhall d’Aontacht na Gaeilge ó thosach bhí an méid seo le rá ag Seán Pléimeann [B1] faoi in Irisleabhar na Gaedhilge, Iml
Bhíodh An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge agus Banba á ndíol ann. In Banba Bhealtaine 1902, tá cuntas taitneamhach ag an Seabhac – is í an chéad aiste i gcló aige í – ar An Stad agus luann sé Lotti Aungier (“Lotorum”): “..
Thug sé iarracht ar iris nua An Lasair a bhunú i 1919 chun an bhearna a d’fhág bás Irisleabhar na Gaedhilge a líonadh. Ó 1920 amach bhí post múinteora aige i Scoil Thráchtála Chorcaí. Bhí dúil riamh aige i gceart na Gaeilge
Níl áit is fearr a bhfuil léargas le fáil ar mhéid a eolais ná sa léirmheas a scríobh sé in Irisleabhar na Gaedgilge, Aibreán 1906, ar eagrán Fhiachra Éilgeach de dhánta Phiarais Mhic Ghearailt. Léacht a thug Eoin Mac Néill a d’adhain a spéis sa cheannródaí Pilib Barún
Bhailigh sé ó sheanfhear i bparóiste an Líonaín caoineadh a rinneadh ar fhear a maraíodh i ’98 agus tá sé i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge i Meitheamh 1895
In Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896 bhí litir uaidh i gcló agus an seoladh seo air: “Tomás Ó Concheanainn, déantóir stampaidhe cúitsiúc agus gach uile chinéil stenseul, Calle del Correo Mayor No
Tá “Caoineadh Aonghuis”, a scríobh Torna, in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1903, caoineadh Chonaill Chearnaigh in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1903 agus caoineadh “An File” in An Claidheamh Soluis 21 Feabhra 1903. Tá tagairtí dó ag Séamus Beairtle Ó Sé ina chuimhní cinn (“The Speckled bird” i gcló in The Church of Ireland Gazette).
Deir tuairisc an Irish Peasant ansin: “While some who began with him were still stumbling at the threshold, Dr O’Daly had gone into the rich house and through the halls and rooms of this marvellous Irish speech and came out again without delay, speaking, lecturing and preaching in Irish as though he had spoken the language from the cradle”. Fuair sé post an ardmháistir i gColáiste na Mumhan i 1905 mar is léir ón tagairt atá in Irisleabhar na Gaedhilge Lúnasa 1905: “Tá an tAthair Risteard Ó Dálaigh, Uachtarán Choláiste na Mumhan, ag cur amach leabhair ar fhuaimeannaibh na teangan Gaeilge” (l
Tá an t-ainm “John Daly, National School, Vicarstown, Dingle’ ar liosta na síntiúsóirí sa chéad imleabhar de Irisleabhar na Gaedhilge
In Irisleabhar na Gaedhilge 1 Márta 1895, i mír nuachta faoin bhFeis Cheoil, luaitear í in aon anáil le Eoin Mac Néill [B4], George Sigerson [B1], Annie Patterson [B3], Seosamh Laoide [B1] agus Tomás Ó Néill Ruiséal [B3] mar bhall coiste a sheasfadh an ceart don Ghaeilge
Níl amhras ach go raibh spéis aige i ngluaiseacht na Gaeilge: bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891; tá tagairt in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1893 do lámhscríbhinn Ghaeilge a bhí ina sheilbh; toghadh é ina bhall de Chomhairle Chonradh na Gaeilge (Independent 27 Samhain 1893). Chuaigh sé chun cónaithe i Paradise Hill, Baile na Caillí, tar éis dó dul amach ar pinsean
Bhí sé ina bhall den ghasra oirirc ardáin ag an gcéad Oireachtas agus ina iomaitheoir sa chomórtas aithriseoireachta—moladh a iarracht go hard (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897)
Bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 (Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1891)
Fianaise eile ar an spéis a bhí aige sa Nua-Ghaeilge an clár a rinne sé don Revue Celtique de na haistí tábhachtacha in Irisleabhar na Gaedhilge
Go dtí lá a bháis bhí sé ag foghlaim Gaeilge’. Bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas an fheadáin mhóir ag Feis Laighean (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901)
Moladh go hard a iarrachtaí sa chomórtas aithriseoireachta agus sna comórtais le haghaidh aistí ar ‘Baint urlabhra le náisiúntacht’ agus ‘Céard is fírinne ann?’ ag an gcéad Oireachtas (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897)
Bhí gnó bágúin ar siúl aige ag 13 An Baile Gaelach ina dhiaidh sin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh Chill Chainnigh de Chonradh na Gaeilge Máirt Chásca 1897 agus toghadh é ina chisteoir (Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1897)
Chomh fada siar le 1883 (féach liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883) bhí spéis aige sa teanga
Chomh fada siar le Eanáir 1888 bhí sé ag scríobh in Irisleabhar na Gaedhilge
Bhíodh ábhar aige in An Lóchrann, Timire Chroí Rónaofa Íosa, Irisleabhar na Gaedhilge, An Camán....
D’fhoilsítí a aistí in Irisleabhar na Gaedhilge agus The Leader
Sular phós sé is ag 31 Cullenwood, Raghnallach, a bhí cónaí air. Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh[B2]—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901
Chuir sí isteach ar chomórtais aithriseoireachta ag Oireachtais 1901 agus 1902 agus tugadh ardmholadh dá hiarrachtaí (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901; An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902)
Chuir sé litir Ghaeilge abhaile ó San Francisco nuair a bhí 13ú céad Cholm Cille á chomóradh agus tá sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1897
Foley, Ring (faoi Ó FOGHLUDHA, Áine[B2]); Thomas McCarthy, Town Clerk; Daniel Fraher [Domhnall Ó Fearachair] [B3]; Patrick Sweeney, James Daly, all of them representative local men, good Irish speakers and noted supporters of the movement’ (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Meitheamh 1895)
Ó 1898 amach bhí aistí agus scéalta i gcló aige in Fáinne an Lae, Irisleabhar na Gaedhilge, St Stephen's, An Claidheamh Soluis.....Chuir sé féin agus Tadhg Ó Donnchadha[B1] eagar ar An tAithriseoir, dhá chuid (1900–02)
Tá sampla dá Ghaeilge i litir in An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1899. B’fhéidir gurbh eisean an ‘Mr Neville’ a bhí mar mhúinteoir ag an gcraobh de Chonradh na Gaeilge i nDoire a raibh tuairisc uirthi in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1894: ‘The members meet in St Columb’s Hall and and the classes are conducted by Mr Neville, who quite recently received a certificate for teaching Irish’
Is léir ar uimhir a 35 de Irisleabhar na Gaedhilge 1890 go raibh an iris sin á ceannach aige le tamall
Bhí an scéal ‘Cath Mhaighe Mochruimhe’ á sholáthar aige in Irisleabhar na Gaedhilge ó Mheán Fómhair 1907 go hAibreán 1908
Is inspéise gur dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883 ba ea ‘John Foley, Monea, Ardmore’
Spreag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus Irisleabhar na Gaeilge é agus tá sé ar liosta na síntiúsóirí in uimhir Mheán Fómhair 1883 na hirise sin: ‘Jeremiah Hegarty, Kilthomane, Lowertown, Skibbereen’
Is do Séadna mar shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge 1894-97 a bhí Muiris ag tagairt gan amhras agus ní don leabhar a foilsíodh i 1904. I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo sa teach i Lios Caragáin: Mary O’Leary, baintreach, feirmeoir, arbh aois di 66; Barnaby (36), mac feirmeora; Jeremiah (30), mac feirmeora; Ellen (24); Kate (21)
Tá tagairtí in Irisleabhar na Gaedhilge dó a bheith i gCorcaigh ó 1895 amach: é a bheith ag cruinnithe de Chonradh na Gaeilge idir 20 Aibreán agus 17 Deireadh Fómhair 1895 (1 Bealtaine agus 1 Samhain 1895); bhí sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh craobh i nDún Mánmhaí 14 Meitheamh 1896 (Iúil 1896) agus a bhí sa láthair ag cruinnithe i Halla Uladh, Béal Feirste, 10 Aibreán 1896 (Bealtaine, 1896), agus i mBéal na Carraige chun craobh a bhunú (Samhain, 1896); é a bheith ina chomhrúnaí ag an gConradh i gCorcaigh (Nollaig, 1896)
Not only does it give the Middle Irish form of the word in every case but various modern Irish authorities are quoted, including the Gaelic Journal, which shows that the editor must have studied every word that appeared in it for 20 years’
Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge sa chathair chomh luath le 1896; bhí sé sa láthair i nGabhgán Barra thar ceann an Chonartha ar 21 Meitheamh 1896 (Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1896)
Deisceabal aige ba ea Franz Nikolaus Finck[q.v.] agus cheartaigh Pedersen cuid dá raibh aige sin in Die araner mundart (1899). Tá óráid ag tacú le cúis na teanga aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh Uilleog de Búrca[B1] scéal a bheatha sna himleabhair thosaigh de Irisleabhar na Gaedhilge (1882-86) agus in An Gaodhal (1883-)
In 1883 bhí sé ar dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge
Bigger [B4] in An Leabharlann, Márta 1907 ar a chuid scríbhinní; agus ag Eoin Mac Néill [B4] ar a Iámhscríbhinní in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa-Samhain 1906
Bhí píosa seanchais i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1895 agus bhí ‘Seanchus gearr ó Chontae Phortláirge’ aige in An Gaodhal ó Lúnasa 1899 go Márta 1900
Foilsíodh é seo in Irisleabhar na Gaedhilge, XV, 1906 agus chuir Seán Pléimeann[B1] eagar ar dhánta eile leis san iris chéanna, imleabhar III, 1888 agus imleabhar VIII, 1897
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tugann Breandán Ó Conchúir a bhfuil ar fáil d’eolas faoi in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 agus deir sé gur bhailigh Peadar Ó hAnnracháin[B1] (Irisleabhar na Gaedhilge,18, 1908) agus James Buckley (Ls
Rinne Conradh na Gaeilge cothrom chéad bliain a bhreithe a chomóradh ar 27 Samhain 1896—an bhliain 1796 atá ag Alfred Webb agus ag roinnt de na foclóirithe beathaisnéise—agus léigh Eoin Mac Néill páipéar, sheinn Thomas Garoghan foinn ar an bpíb uilleann agus dúradh amhráin Ghaeilge (Irisleabhar na Gaedhilge, Iml
Sholáthair sí amhrán in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1904
Tagraíodh dó mar dhuine ‘a bhí ina oibritheoir ar son an Chonartha agus ar son na teanga leis na blianta fada’ (Scéala Éireann 17 Márta 1947). Bhí scéalta i gcló aige idir 1903 agus 1924 in Irisleabhar na Gaedhilge agus Fáinne an Lae
Aistí agus scéalta aige in Irisleabhar na Gaedhilge
Scríobhadh in Irisleabhar na Gaedhilge agus in An Claidheamh Soluis
Scríobh Seán Pléimeann [B1] ina thaobh (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 29 Iml
Ba bhall den Celtic Society é ó thosach agus bhí ar an gcoiste in 1850, agus bhí sé ina shíntiúsóir de chuid Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Ba luibheolaí, beachaire agus geolaí é
Lysaght lived for little beyond poetry, pistols, wine and women; and the sermons and soda-water of the day after seem to have had small effects in mending his ways—or his health which soon began to break.’ Tá na leaganacha Béarla agus Gaeilge de ‘Cáit ó Gharrán a’ Bhile’ i gcló le hais a chéile in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh 32, Iml.III, 1889, agus an ceol i gcló leis an leagan Gaeilge
D’fhág sé baintreach (tá tuairisc a báis in Irisleabhar na Gaedhilge, Iml
Rinne Pádraig de Paor (Patrick Power [B5]) cur síos in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904 ar aghaidh, ar a bhfuil díobh i gColáiste Eoin, Port Láirge.
Tá eolas ina thaobh ag an Athair Pádraig Woulfe[B3] in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1906 (‘Elegy on Captain O’Sullivan’), ag Gerard J
Tá dán leis in eagar ag Eoin Mac Néill[B4] in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899
Tá a ainm ar liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge in 1883
‘A scribe of the first rank’ a thugann Tomás Ó Rathile[B2] air in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1909 (‘Two Irish Arthurian Romances’)
Heroes of Irishmen’ chuir Mac Tíre (Seosamh Laoide[B1]) i gcló é in Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1899 agus níorbh fholáir leis a rá faoin bhfile: ‘He appears to be animated by hope and trust in God, and by deep love of his own country and nation
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Chuir Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’) eagar ar a dhánta in Irisleabhar na Gaedhilge ó Eanáir 1905 amach
Deir an tAthair Éamonn Ó hÓgáin[B1] i gcuntas ceannródaíoch (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897 agus arís in Irish Book Lover Eanáir-Feabhra, 1930) gur léigh sé i scríbhinn a bhí i gCartlann na nIosánach sa Róimh gur sa Fhrainc a cailleadh é i 1677 agus é ar a bhealach go hÉirinn
Tá a ainm i liosta síntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883
Cuimhnítear freisin ar a aistriúchán ar ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’ a foilsíodh in éineacht leis an mbundán in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh
Gregg a bhuaigh an tríú duais don bhuachaill ab fhearr Gaeilge in Éirinn sa ghrád sóisearach in 1896 agus a bhí ar scoil ag na Bráithre Críostaí i bPort Láirge (Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1896). Bhí post státseirbhíse aige in Oifig na dTaifead i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Tá an Pádraig sin sa liosta de dhaoine a thug síntiús do Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh agus is i Scoil Cholm Cille, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, a bhí sé ar dtús agus ansin i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath
Ag scríobh dó faoi Oileán Dairbhre in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1904 dúirt Diarmuid Ó Súilleabháin[q.v.]: ‘Tá tobar ag an Imleach glaoite ina dhiaidh [Naomh Breandán], agus is deimhin gur ól Domhnall Ó Murchadha agus a lán nach é ón oileán seo a bhfuil an phréamh Ghaelach iontu deoch den fhíoruisce beannaithe sin’
In Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1899, faoin ainm Seaghán Óg Ó hAnnáin, bhí an t-amhrán ‘Nach fada an lá’
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Seo é an Ciarraíoch a mbíodh ailt, dánta agus tuairiscí i gcló aige faoin ainm cleite ‘An Spailpín Fánach’ i rith 1900-27 in An Claidheamh Soluis, Misneach, Poblacht na hÉireann, Sinn Féin, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge...
In An Gaodhal a d'fhoilsítí a dhéantús de ghnáth agus bhíodh ábhar aige freisin in Irisleabhar na Gaedhilge, United Ireland agus Fáinne an Lae
Ba í a bhain an dara duais ag Oireachtas 1908 sa roinn "Seanlitríocht na nGael agus nualitríocht na hEorpa curtha i gcóimheas lena chéile féachaint cé acu is fearr mar cheap agus mar sholaoid nualitríochta do scríbhneoirí na Gaeilge" (i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1909)