Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Bhí sé sna cumainn náisiúnta go léir i dtús an chéid agus scríobhadh sé go rialta in Shan Van Vocht, The United Irishman, Irish Emerald agus do phreas Mheiriceá
Bhí sraith aistí aige ar fhilí na hÉireann in Irish Emerald, 1892–98
Is é atá ann: ‘Tuireamh na hÉireann’ le Seán Ó Conaill, file in Uíbh Ráthach nárbh aon easbag é (tá an leagan is údarásaí den téacs i gcló ag Cecile O’Rahilly in Five Seventeenth Century Political Poems, 1946); aistriúchán Béarla atá bunaithe ar aistriúchán nár de dhéantús Uí Chléirigh é agus nach bhfuil ag teacht go hiomlán leis an leagan áirithe Gaeilge sa leabhar; nótaí staire a thugann stair na hÉireann anuas go dtí 1691, cé nach bhfuil an dán féin ag dul níos faide ná aimsir Chromail; ‘The Author’s Tour’, dán barrúil ina gcuireann Ó Cléirigh síos ar na daoine, sagairt go háirithe, a thug cabhair dó; liosta na síntiúsóirí. Tá cur síos ag Mac Gabhann ar an áitiú a rinne John McCall in The Irish Emerald in 1896-7 gur ag an bhfile James Martin a bhí an lámhscríbhinn de ‘Tuireamh na hÉireann’ agus gurbh é a rinne an t-aistriúchán