Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 10
Tá agallamh fada in Innti 9, Aibreán 1985 le linn dó a bheith ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge ··· Bhuaileamar leis an ngnáth-chosmhuintir, ag imirt iománaíochta, agus cricket fiú amháin’ (Innti) ··· Ach is dóigh liom go mb’fhéidir gur réitigh an saghas san scríbhneoireachta liom níos mó ná saghasanna eile’ (Innti). In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 (1993) tugann Pádraig Ó Siadhail cuntas ar Chompántas Chorcaí, díorma aisteoirí a bhunaigh Ó Tuama agus Dan O’Donovan in 1953 chun drámaí a stáitsiú i gCorcaigh ··· Deir sé in Innti: ‘Thosnaíos ag gabháil do dhrámaí ansan agus níor dheineas an Ph.D ··· ‘Is eol gurb é an t-oide treorach ar scoil niamhrach filíochta – filí Innti mar adeirtear leo – rath nach mbíonn go minic ar lucht teagaisc, cé go raibh, dar ndóigh, ar a oide cáiliúil féin, Dónal Ó Corcora.’ Is deacair don scríbhneoir Gaeilge, nó don scoláire Gaeilge, fanacht glan ar ghnóthaí agus ar aighnis athbheochan na teanga
Sa dara bliain chuir sé aithne ar Michael Davitt (1950–2005) a chuir an iris filíochta Innti ar bun in 1970 le Con Ó Drisceoil agus Gabriel Rosenstock ··· Ní raibh aon dán ag an Muirthileach sa chéad eagrán de Innti ach bhí saothar leis sa chuid is mó ar fad de na na heagráin eile ina dhiaidh sin ··· Bhí sé i láthair ag seoladh Innti 2 sa Vienna Woods Hotel i gCorcaigh i mí Aibreáin 1971 nuair a tháinig os cionn ocht gcéad duine chun éisteacht leis na filí óga agus le filí Ghaeilge na hAlban a bhí ar camchuairt in Éirinn ag an am ··· Chomh maith leis na tréimhsí oibre a chaith sé i bPáras, Nice, agus iarthar Chorcaí, thug sé roinnt cuairteanna chun oibre go dtí an Eoraip, an tSín, an India, agus Meiriceá Thuaidh. I measc na n-aistí a léiríonn tuairimí Liam Uí Mhuirthile ar chúrsaí litríochta agus teanga, tá na heagarfhocail a chuir sé leis na heagráin de Iris Éigse Éireann (1996–7) a chuir sé féin in eagar; léirmheas ar An duanaire: 1600–1900: poems of the dispossessed (1981) le Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella in Innti 6 (1981, 49–52); léirmheas ar Bligeard sráide (1982) le Michael Davitt in Macalla (1984, 191–7) ··· Tá teacht ar a chuid aistí ‘1968’ in Innti 13 (1990, 61–7), ‘Offshore on land: poetry in Irish now’, in A new view of the Irish language (2008, 140–51), agus ‘Ag cur crúca in inspioráid’ in Aimsir Óg (1999, 71–92), agus ‘Mo Theanga’, agallamh le Liam Carson in Fortnight (Márta 2007, 20)
I mí Márta 1970 d’eisigh Michael, Gabriel agus Con Ó Drisceoil INNTI, mórbhileog in eagar ag Michael ··· Chuir sé líonra orthu, mhúscail sé an chiall d’áiféis an tsaoil iontu; thug sé ó thábhairne go tábhairne iad, chuir sé INNTI ar fáil dóibh, agus thug sé ar ais ar imeall an ghnáthshaoil iad… ··· Agus b’fhéidir gurbh fhorleithne fós a thionchar; ag tagairt d’INNTI deir Dorgan: ‘The vanguard poets of our generation were first and foremost these poets in the Irish language, and in their own offhand ways they opened the vistas for us all, in English as well as in Irish.’ Tá scéal INNTI inste ag Davitt féin in Comhar, Nollaig 1984. Bhí tionchar mór ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar fhorleathnú an duine agus an fhile
Comhrá leis is ea ‘Rus in Urbe’ i gcló in Innti 11. I nGlaschú, Albain, a rugadh é ar 16 Feabhra 1927 ··· ‘B’fhéidir gurb é sin an t-aon rud amháin go bhfuil mé buíoch de na Bráithre faoi’ (Innti) ··· Is léir ar thagairtí san eagrán sin de Innti go raibh eolas maith aige ar shaothar filí mar Liam Ó Muirthile, Micheal Davitt [q.v.], Nuala Ní Dhomhnaill, Seán Hutton, Liam Prút agus Ciarán Ó Coigligh. Chaith sé samhradh 1951 sa Spáinn ach níor fhéad sé post a fháil ann ··· Bhíomar i ngrá ag an am agus thug sí go dtí an Spáinn mé’ (Innti)
Bhí sí ina comheagarthóir ar INNTI 4 agus INNTI 5
.’ In agallamh in Innti 10, 1986 deir Mac Gill-Eain féin: ‘Ba i 1937 a casadh an bhean Éireannach seo orm
Féachann sise siar ar an aighneas sin agus í ag comhrá le Michael Davitt in Innti, Uimhir 8, Feabhra 1984. Thug sé a chéad turas ar Dhún Chaoin in 1950
Kelly in Innti 12, 1989 (‘Suaimhneas ort—Conleth Ellis 1937-1988’); ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995; ag Cathal Ó hÁinle in Comhar, Meitheamh 1988
An péire dán atá aige in Fearann Pinn 1900-1999, 2000 is roimh 1958 a scríobh sé iad ach deir Ó Muirthile: ‘Tháinig cuid den saothar is fearr uaidh sna 1980í nuair a chuir INNTI gaoth an athuair ina sheolta.’ In Studies, earrach 1962 dúirt Seán Ó Faoláin: ‘Within my knowledge I am aware of only three Gaelic poets who are not utterly lost in the Gaelic Mist, trying to extract ore from long-exhausted mines, symbols worn threadbare by the first phase of the Irish Literary Movement
D’fhoilsítí a dhéantús filíochta in The Poetry Ireland Review, Feasta, Innti, Comhar