Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Sna seacht mbliana deireanacha dá shaol scríobh sé paimfléid chonspóideacha: Irish above politics (1964) (ailt in The Gaelic Weekly i dtaobh an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge); Mr Hill: Mr Tara (1964); An Aisling (1966)—dúshlán cheiliúradh Iubhaile Órga 1916 a spreag é lena scríobh; Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970). Ba mhinic i ngleic le daoine é sna colúin chomhfhreagrais
Foilsíodh aistí Béarla leis in Assisi, Hibernia, Gaelic Weekly, Rosc, Studies, The Furrow, Christus Rex, Studia Hibernica, Irish Christian Advocate, Crane Bag...
Ag pointe éigin, i 1963, b’fhéidir, d’éirigh sé as an bpost tar éis easaontais éigin; ‘cúiseanna pearsanta’ atá luaite in Inniu agus Agus. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sé ina eagarthóir ar Gaelic Weekly; leis na cluichí Gaelacha a bhain an páipéar sin go príomha ach i 1964 sholáthraíodh Máirtín Ó Cadhain ailt ··· Ag tosú ar 24 Deireadh Fómhair 1964 bhí ceithre halt eile leis an gCadhnach i gcló faoin teideal ‘Should the language live’, a bhí bunaithe ar léacht a thug sé ag cruinniú de Thuairim in Óstán Shelbourne 25 Meán Fómhair 1964. Tháinig deireadh le Gaelic Weekly 30 Márta 1968 agus dar le Irish Independent úd 18 Bealtaine 1970 go raibh Pádraig ina fho-eagarthóir acusan le bliain go leith anuas