Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· Níorbh fhada sa Choláiste dhom gur tháinig Pádraig chugam ag lorg dánta don Síol agus choinnibh ar mo thóir nó gur thugas ocht gcinn acu uaim ··· Tháinig an t-eagrán sin den Síol amach in Earrach’69.’ Faoi 1970 bhí a dhéantús á fhoilsiú in Comhar. Sa Léann Ceilteach a ghnóthaigh sé an BA
Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal
Tá ábhar aige in Newbridge College Annual, An Síol, Comhar, Kildare Archaeological Society Journal, Feasta, The Furrow, An Sagart, Irisleabhar Mhá Nuad ...