Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 39
D’fhág Uíbh Ráthach gona dhrochbhóithre a rian air, ach d’fhág seisean gona chuid eolais a rian ar mhuintir Uíbh Ráthaigh’ (Peadar Ó hAnnracháin in Fé Bhrat an Chonnartha). Ó 1908 amach bhí sé in eagarthóir ar An Lóchrann (1907-1913) ··· Is cinnte go mbeadh sé míshásta le treoir a bhí le tabhairt ag an gCoiste Gnó do thimirí agus múinteoirí taistil gan cabhrú leis An Lóchrann a bhí le teacht amach go luath i gCorcaigh aige féin agus Seán Tóibín[BI] ··· Thuairiscigh sé d’Ard-Fheis 1917 agus é ag cur síos ar a thimireacht i gCorca Dhuibhne go gceannaítí 25 dosaen den Lóchrann sa cheantar sin gach mí ··· In An Lóchrann agus in An Claidheamh Soluis a bhí na scéalta seo go léir i gcló ar dtús
Tá an tagairt seo dó in An Lóchrann Eanáir 1918: ‘Is aige a bhí an Ghaeilge bhreá agus blas ón sliabh uirthi ··· Bhíodh ábhar aige in An Lóchrann agus chabhraigh sé leis an Seabhac chun an sraith fhada d’ailt i dtaobh sheanfhocail na Muimhneach a ullmhú don pháipéar sin (i gcló idir Aibreán 1916 agus Iúil 1918) ··· In An Lóchrann, Nollaig 1918, foilsíodh ‘Ó Dheá-Ghael ná maireann
In An Lóchrann, Meán Fómhair 1907, dúirt P ··· Tá a chuid aistí i gcló in Fáinne an Lae, An Lóchrann, An Scuab, Sinn Féin, An Síoladóir, Timire an Chroí Naofa...
Tá cuid mhaith dá shaothar spréite ar fud páipéirí agus irisí—The Irish Peasant, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Saol Gaedhealach, An Tír, Fáinne an Lae agus Réalt an Deiscirt (Southern Star) ··· Bhí sé ina eagarthóir ar An Lóchrann in 1907–8. Ó 1913 amach bhí baint aige leis na hÓglaigh agus chaith sé an tréimhse Bealtaine 1916 go dtí Márta 1919 i bpríosúin éagsúla in Éirinn agus i Sasana
I ndiaidh do An Lóchrann teacht amach in 1907 bronnadh cóip ar Thadhg ··· Spreag sin é le seanamhrán a scríobh síos óna athair agus ba ghairid gur thosaigh sé ar bhlúirí seanchais a chur chuig An Lóchrann, an Cork Examiner agus an Echo. D’éirigh leis teastas múinteora Gaeilge a fháil i gColáiste na Rinne in 1925
Chuir sé eagar ar an dráma Déanamh an Chleamhnais (Oifig An Lóchrann, 1926) le Síle Ní Chonchubhair ··· Idir 1903 agus 1926 bhí aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, An Lóchrann, Loch Léinn, United Irishman, An Branar, Fáinne an Lae, Banba agus irisí eile
Deir sé gur chainteoir an-mhaith an deirfiúr ba shine. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fe Bhrat an Chonnartha go raibh sé ag múineadh na teanga tamaill i gCiarraí, i Maigh Chromtha, i mBaile an Chullaigh, in Eochaill. Bhí sé ina bhainisteoir ar An Lóchrann fad a bhí an iris á clóbhualadh i gCorcaigh (1916–1921) ··· Aistriúchán a rinne sé ar dhráma Dhónaill Uí Chorcora (“Ó Failbhe Mór” a foilsíodh in An Lóchrann) a d’fhág gur roinneadh an duais d’aistriúchán ar dhráma ó theanga iasachta idir é féin agus Séamas MacCormaic
I 1909 bhí an leagan de “Parliament na mBan” sa lámhscríbhinn i gColáiste Cholmáin i gcló aige in An Lóchrann agus san iris chéanna “Eachtra Chondla Mhic Chuinn Chéadchathaigh” i 1911 agus “Ceisneamh Inghine Ghoil Átha Lóigh” i 1912–13 ··· Bhí sé ina eagarthóir ar An Lóchrann i 1930–31
Bhí aithne aige ar Phádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) [q.v.] céad eagarthóir Allagar na hinise agus An tOileánach, ó bhí sé an-óg i mBaile an Ghóilín agus chuir seisean a chuid ábhair i gcló in An Lóchrann ··· Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 30 Nollaig 1922 go raibh Tomás ag iarraidh ardú tuarastail agus gur socraíodh ar dhá phunt sa mhí a thabhairt dó. De réir Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge III: prós i dtréimseacháin bhí breis is 110 píosa i gcló aige idir 1917 agus 1934 in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, Misneach, An Phoblacht, An Sguab agus Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Seo é an Ciarraíoch a mbíodh ailt, dánta agus tuairiscí i gcló aige faoin ainm cleite ‘An Spailpín Fánach’ i rith 1900-27 in An Claidheamh Soluis, Misneach, Poblacht na hÉireann, Sinn Féin, An Lóchrann, Irisleabhar na Gaedhilge... ··· Tá tuairisc a bháis in An Lóchrann, Bealtaine 1927 (‘Gaedheal fé’n bhfód’): ‘B’é fear ba mhó cáil i nAmerica é i gcúis na Gaeilge lena dhílseacht – sírdhílseacht gan athrú, gan lagú, gan claonadh...
Léití amhráin as seanleabhair ina láthair agus ar ball d’fhaigheadh a chlann An Lóchrann agus An Claidheamh Soluis agus is ar an gcuma sin a bhí cuid d’fhilíocht an 18ú haois de ghlanmheabhair aige. Phós sé Cáit Ní Chorráin ó pharóiste an Dromad in 1882 agus bhí seisear mac agus ceathrar iníonacha acu ··· Riamh ina shaol níor thaistil sé níos faide ó bhaile ná Cill Orglan. Thosaigh cuid dá chlann—luann an Duileargach Seán agus Nóra go háirithe—ag cur ábhair chuig An Lóchrann agus thosaigh daoine mar Fhionán Mac Colaim, Peadar Ó hAnnracháin [B1], agus Pádraig Ó Siochfhradha ag dul ar cuairt chuige
Bhailigh sé béaloideas i ngach cúige díobh: in An Lóchrann, Feabhra, Márta, 1930 tá aiste aige dar teideal ‘Seanchaithe Éireann a bhuail liom’. Sa Droim Bán, míle go leith ó Bhéal Átha hAmhnais, Co ··· Séamus Ó Grianna[B2] a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar ag an am agus is dóigh gurbh eisean a scríobh an teistiméireacht sin ar a fheabhas a bhí an teanga ag Pilib. Faoi ‘Bhaldraithe’ a bhí an fógra báis agus is faoin leagan sin a scríobh sé aistí agus scéalta agus ábhar béaloidis in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Timire Chroí Naofa Íosa, Irisleabhar Mhaigh Nuad, An Chearnóg, Béaloideas..
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne. Ceapadh Seán Beaumont[B1] ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993). Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg...
Faoin ainm cleite ‘Carraig na Téide’ (carraig san uisce, cóngarach don dtalamh, ceathrú mhíle siar ó thuaidh ó Bhaile na nGall) bhí scéalta i gcló aige in An Lóchrann idir 1920 agus 1931
Foilsíodh sraith alt léi dar teideal ‘Ó Chléire’ in An Lóchrann, Feabhra agus Márta 1931
Bhí aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann idir 1923 agus 1930. I 1921 dódh beairic Thuar Mhic Éadaigh
Ó 1925 ar aghaidh bhí ábhar i gcló aige in An Réalt, Zeitschrift für celtische Philologie, An Lóchrann, Béaloideas ...
Scríobh sé caoineadh ar Bhríd Stac in An Lóchrann nuair nach raibh sé ach 15 bliana d’aois
Tá ‘An Gárlach Coileánach’, scéal a scríobh sé síos ó Shiobhán [Ní Chróinín] an tSagairt, i gcló in An Lóchrann, Aibreán 1926
Is beag ar fad a tháinig óna pheann chuig na hirisí i ndiaidh 1903, ach thosaigh sé ag scríobh arís i 1915 agus bhí breis is tríocha aiste agus scéal i gcló aige idir sin agus 1932 in An Claidheamh Soluis, Misneach, Catholic Bulletin, An Camán, An Lóchrann
Bhí baint aige, síltear, le heagarthóireacht An Lóchrann agus sholáthair sé amhráin don pháipéar sin i 1908-9.
Aistí in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, An Lóchrann
I 1931 bhí seanscéalta agus blúiríní béaloidis i gcló aige in An Lóchrann, agus in Béaloideas, Nollaig 1933 bhí ‘Scéal Fionn Mhac Cumhaill ag Maoilárd na Léithe’ i gcló aige
Bhíodh ábhar i gcló aige go rialta in Misneach, Fáinne an Lae agus An Sguab agus anois is arís in Banba, An Reult, An Lóchrann, An tÓglach, An Chearnóg, Inis Fáil, The Irish Rosary
Is ar scéal Gaeilge leis a bunaíodh The bucko caol dubh, fronsa dátheangach a léirigh an Compántas in Amharclann an Gheata i 1952. Ó 1916 ar aghaidh bhíodh gearrscéalta agus aistí i gcló aige in An Lóchrann, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An Reult ..
Bhí béaloideas ó Thuath Ó Siosta i gcló aige in An Lóchrann 1930-31 agus, gan amhras, bhí amhráin Dhiarmuid na Bolgaí Uí Shé , a rugadh i dTuath Ó Siosta, á mbailiú aige le tamall maith sna 1920idí agus na luath-thríochaidí
Patrick’s, Banba, The Nationalist, An Sguab, An Lóchrann agus Fáinne an Lae idir 1901 agus 1926. Bhí triúr mac agus cúigear iníonacha aige
I Márta na bliana sin in An Lóchrann bhí an chéad aiste i gcló aige
Tá ar bhailigh Seán den bhéaloideas le fáil in aistí in An Claidheamh Soluis, An Lóchrann, Fáinne an Lae ..
They have about 150 members reading An Lóchrann and other literature, all native speakers of Irish
Bhíodh aistí, scéalta agus píosaí aithriseoireachta aige in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, An Lóchrann agus Banba
Bhíodh ábhar aige in An Lóchrann, Timire Chroí Rónaofa Íosa, Irisleabhar na Gaedhilge, An Camán....
Bhí scéalta aige in Irish Opinion 1 Iúil -5 Lúnasa 1916 agus in An Lóchrann, Bealtaine 1931. Phós sé Julia Ní Chéileachair (d’éag 1970), Sliabh Riabhach, Baile Bhuirne, agus chuaigh chun cónaithe ar an bhfeirm ansin mar chliamhain isteach
Ba é a chuir an dán cáiliúil ‘Caoine Mhic Eoghain na Tuinne’ i gcló in An Lóchrann, Eanáir 1926. Phós sé Máire Ní Chorbáin ó Choiscéim na Caillí, Co
Bhí scéalta a tógadh síos ó bhéalaithris Thaidhg i gcló in An Lóchrann idir 1909 agus 1920
Bhí beagán aistí agus scéalta aige ina dhiaidh sin in An Lóchrann
Bhí scéalta a bhailigh sé i gcló in An Lóchrann agus roghnaigh Pádraig Ó Siochfhradha cuid díobh le cur in An Seanchaí Muimhmeach
D’fhoilsigh sé cnuasaigh de na hamhráin agus go leor díobh freisin in An Lóchrann, iris a raibh baint mhór aige leis ó 1907 go 1927
Chomh maith lena shaothar gramadaí scríobhadh sé aistí do An Lóchrann agus An Claidheamh Soluis