Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Séamus Ó Grianna[B2] a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar ag an am agus is dóigh gurbh eisean a scríobh an teistiméireacht sin ar a fheabhas a bhí an teanga ag Pilib. Faoi ‘Bhaldraithe’ a bhí an fógra báis agus is faoin leagan sin a scríobh sé aistí agus scéalta agus ábhar béaloidis in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Timire Chroí Naofa Íosa, Irisleabhar Mhaigh Nuad, An Chearnóg, Béaloideas..
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne. Ceapadh Seán Beaumont[B1] ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993). Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg...
Phós sé i 1924, agus ba ó mháthair a mhná, Cáit Ní Loideáin as Leitir Fraic, agus óna fear Micheál Mac Adamóid as Maigh Ard, a fuair sé blas ceart na Gaeilge. Litir dar dáta 6 Eanáir 1923 an chéad litir Ghaeilge a chonaic De Bhaldraithe uaidh, litir agus síntiús chuig an Athair Micheál Mac an Mhílidh, bainisteoir na hirise An Chearnóg a bunaíodh an bhliain sin, iris Chonnachtach a bhí ar thaobh na bPoblachtach