Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Is cuntas ar an tréimhse a chaith sé i gConradh na Gaeilge an aiste atá ag Proinsias Mac Aonghusa, staraí an Chonartha, sa dara himleabhar de Aimsir Óg, 2000 (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’); deir sé gurbh é a bhí ann ‘fear a bhí tráth ar an té ba chonspóidí, ba chantalaí agus ba mhó díograis polaitíochta agus creidimh dá raibh sa tír’
Deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Bhí Donncha Ó Súilleabháin ina measc siúd a d’éirigh imníoch faoin gCeannaire [Ó Cuinneagáin q.v.] agus a d’imigh’ (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’ in An Aimsir Óg, 2000)
Tar éis dó filleadh ar Éirinn chaith sé beagnach daichead bliain ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais. Ó na1950idí luatha ar aghaidh bhíodh ailt i gcló aige in Comhar, Feasta, Inniu, Anois, An Aimsir Óg agus The Irish Times agus chraoltaí cainteanna dá chuid ar Radio Éireann agus ar Raidió na Life