Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Bhí sé tamall ag obair mar shaoririseoir agus ansin tamall ag obair do Chraobh na hAiséirí, Conradh na Gaeilge, a bhí bunaithe ag Gearóid Ó Cuinneagáin [q.v.]; ceann dá dhualgais eagarthóireacht a dhéanamh ar an mbliainiris Aiséirí ··· Bheifí in ann teacht timpeall ar an nganntanas páipéir leis an méid a bhí ar fáil chun Aiséirí a fhoilsiú
Ní léir cén tslí bheatha a bhí aige as sin go dtí gur thosaigh sé ag foilsiú an pháipéir Aiséirí sna 1940idí ··· Bhí deimhniú na tuairime sin le fáil acu in Aiséirí 1942, bliainiris na Craoibhe, nuair a dúradh ann go raibh sé i gceist Ailtirí na hAiséirí, páirtí polaitiúil, a bhunú ··· ‘Ina pháipéar Aiséirí níor chuir sé fiacail sa mhéid a bhí le rá faoi fhimíneacht pholaiteoirí i nÉirinn nó ar an gcoigríoch—agus i mBéarla ba mhó a bhí sin ó fuair sé amach nach raibh léamh na Gaeilge ag anchuid de na daoine a gcaithfeadh sé dul i bhfeidhm orthu dá mbeadh dóigh ar bith ann a bhfeicfeadh sé “Éire saor, Gaelach agus fíor-Chríostúil—ina eiseamláir de stát freacnairceach Críostúil” mar a deireadh sé nuair a cheistítí é faoin aidhm a bhí roimhe’ (Ó Glaisne) ··· Paimfléid a scríobh agus a d’fhoilsigh Ó Cuinneagáin is ea: Ireland’s Twentieth Century Destiny, 1942; Aiséirí says..., 1943 (ba é an príomhscríbhneoir é); Partition—a positive policy, 1945; Aiséirí for the Worker, 1947