Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Bhí alt dar teideal ‘Gá le scannáin Ghaelacha’ aige in Éire, bliainiris Gael, 1940
Bhí aiste aige, ‘Drámaíocht Ghaelach nó, dráma i nGaeilge’ in Éire, bliainiris Gael 1944/45
Tá léacht a thug sé os comhair Chumann Gaelach na Státseirbhíse, ‘Litríocht nua-aimseartha á soláthar’, i gcló in Éire, bliainiris Gael, 1940. Ghin a chaidreamh le Frank O’Connor agus le Seán Ó Faoláin le linn a n-óige seirbhe ina leith sna scríbhneoirí sin
Tá dánta leis i gcló in Éire, bliainiris Gael, 1943. Bhí sé ina rúnaí go sealadach ag an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas ach i gclár Oireachtais 1944 tá fógra i ngeanchuimhne air a deir go raibh sé ina rúnaí oinigh ag an bhféile 1939-43