Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, The Spirit of the Gaelic League (1905). Ba é Donnchadh Ó Liatháin a mhol go mbeadh Seachtain na Gaeilge ar siúl ach ba é an Muanánach faoi deara an moladh a chur i gcrích go praicticiúil. Ceapadh é ina rúnaí ar Choláiste Laighean nuair a bunaíodh é agus lean sé air sa phost go dtí 1913 nuair a toghadh é ina chathaoirleach agus ina bhainisteoir oinigh. Phós sé Máire Eibhlín Ní Charthaigh ar 17 Lúnasa 1901