Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Cuimhnítear go geanúil i Glucksman Ireland House in Ollscoil Nua Eabhrac ar an seal a chaith sé linn anseo, agus díomá orainn an drochscéal a chloisint. Pearsa phoiblí ba ea an Buachallach, dar le Declan Kiberd (Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010): “Unlike many scholars, he made a point of writing regularly for a wide audience in newspapers and magazines, often taking strong positions in public debates.’ Samplaí fánacha is ea: a pháirt sa troid, in éineacht le staraithe nótáilte sna 1970idí, ar mhaithe leis Cé an Adhmaid agus oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath a chaomhnú; a throid in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin, Co ··· Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’ Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge