Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Shíl cuid dá lucht aitheantais gur bhain contrárthacht uaireanta lena dhearcadh i leith na hathbheochana agus na polaitíochta, agus is cur síos ar an taobh sin dá phearsantacht a rinne Kevin Dawson in The Sunday Tribune 20 Bealtaine 1990 (‘Gulliver of the Gaels’) go gairid i ndiaidh do Phroinsias a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. I dTeach Altranais ‘Seamount’, Bóthar na Trá,Gaillimh, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1933 (sa teach céanna a rugadh Breandán Ó hEithir breis is trí bliana roimhe sin)