Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Cé gurbh aisteoir agus fonnadóir ar an sean-nós í ina hóige, ag an ócáid spleodrach seo d’fhágadh sí an stáitse faoi na scríbhneoirí agus faoi na ceoltóirí aitheanta, Paul Muldoon agus Seamus Heaney ina measc. B’údar bisiúil í Muireann a scríobh leabhair Ghaeilge do dhéagóirí, Ar ais arís (1991), Eachtraí samhraidh (1992), Dialann Chaoimhe (1994), An solas sa chaisleán (1994) agus An bád sa chuan (1990) a bhuaigh duais Oireachtais. I gcuntas iarbháis thar ceann Chomhairle Phobail Mhaigh Nuad scríobh Paul Croghan i Nuachtlitir Mhá Nuad go raibh siad go mór faoi chomaoin ag Muireann faoina tacaíocht fhonnmhar thar thréimhse tríocha bliain