Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 46
Níor athbhunaíodh an páipéar. Fuair sé post san Irish Independent i mBaile Átha Cliath i 1922 ··· Tá buanna agus laigí Thomáis mar ghearrscéalaí pléite go mion in An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940. I Samhain 1948 d’fhág sé a phost san Irish Independent ··· Tá sé íorónta nár luadh a bhás san Irish Independent, ag cuimhneamh dúinn ar an scéal “An Reilig” in Cumhacht na cinniúna faoin iriseoir arbh é a dhualgas cuntais a bheith ullamh aige ar dhaoine faoi choinne a mbáis
Tarlach Ó hUid [q.v.] a scríobh an cuntas iarbháis in Inniu 22 Bealtaine 1970 agus tá cuntais freisin in Cork Examiner 18 Bealtaine 1970, in Irish Independent 18 Bealtaine 1970, agus in Agus, Meitheamh 1970; gheofar tagairtí dó i scríbhinní Mhic an Bheatha, in I dTreo na Gréine, 1987, agus in Téid Focal le Gaoith, 1967 go háirithe ··· Fuair sé post státseirbhíse sa Roinn Poist agus Telegrafa; deirtear san Irish Independent gur chaith sé tréimhse freisin sa Roinn Cosanta agus is dóigh gur tagairt é sin don tréimhse de 1943-44 a chaith sé ag obair i mBeairic Uí Choileáin i gCorcaigh. Bhí Pádraig ina bhall gníomhach de Chraobh na hAiséirí roimh dheireadh 1941 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe i 1942; i 1943 ba iad Mac an Bheatha, Monica Ní Mhurchú (a phósfadh Mac an Bheatha an bhliain dár gcionn) agus Pádraig Ó Drisceoil baill na hArdChomhairle agus chaith sé suas a phost státseirbhíse i 1944 chun an eagraíocht sin a fhorbairt, ó thaobh na hóg-ghluaiseachta go háirithe ··· Ag tosú ar 24 Deireadh Fómhair 1964 bhí ceithre halt eile leis an gCadhnach i gcló faoin teideal ‘Should the language live’, a bhí bunaithe ar léacht a thug sé ag cruinniú de Thuairim in Óstán Shelbourne 25 Meán Fómhair 1964. Tháinig deireadh le Gaelic Weekly 30 Márta 1968 agus dar le Irish Independent úd 18 Bealtaine 1970 go raibh Pádraig ina fho-eagarthóir acusan le bliain go leith anuas
Tuairiscíodh san Irish Independent um Meitheamh 1933 go raibh fúithi an geimhreadh a chaitheamh thar lear ar chúiseanna a bhain lena sláinte ··· Níl aon ghaol luaite san uacht. Bhí an tuairisc seo a leanas i gcló san alt sin san Irish Independent i 1933: ‘If you dropped into the Academy any morning you would find Dr Wulff working there, her dark Eton-cropped head with its Grecian perfection of features and ivory skin bent over some manuscript so old that it would crumble away with rough handling...
D’fhéach sé chuige go mbeadh seanmóirí i nGaeilge á dtabhairt ar fud an cheantair (23 Márta 1907) agus d’éirigh leis a áitiú ar shiopadóirí an bhaile, más fíor, tús áite a thabhairt do Ghaeilgeoirí mar oibrithe (11 Bealtaine 1907). Is dóigh gur tagairt don obair a rinne sé an uair sin is ea an abairt in Irish Independent 8 Feabhra 1926: ‘B’fhéidir gurbh é “Córas Múinte” a chuir sé ar fáil i bhFairche Chill Ala an buille is bríomhaire a bhuail sé ··· Dúradh in Irish Independent 26 Feabhra 1926 go mbíodh leabhair á ndíol aige
Le tríocha bliain roimhe sin in The Shamrock agus san Irish Independent bhí amhráin agus píosaí aithriseoireachta grinn i gcló aige ··· Scríobh sé go leor sceitseanna grinn don stáitse freisin. Bhí aithne mhaith ag Piaras Béaslaí air agus san Irish Independent ar 20 Eanáir 1965 bhí an méid seo le rá aige: “He never attained a mastery of the Irish language although he sang songs in Irish ..
Bhí sé ag tuairisceoireacht don Irish Independent sular ceapadh é ina eagarthóir Gaeilge sa pháipéar sin in 1931
(Micheál Ó Maoláin in The Irish Independent, 18 Nollaig 1939). Ó 1906 go 1921 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh agus nuair a d’éag Micheál Breathnach i 1908 ba é Pádhraic a ceapadh ina Ard-Ollamh ina áit
Bhí fógra báis san Irish Independent ach níor luadh baintreach ná clann ann
Dúirt sé féin i litir chuig an Irish Independent: “My resignation was the sequel to a series of intrigues by politicians and their henchmen, such as no self-respecting scholar would tolerate”
Ar 29 Márta 1896, léigh sé páipéar ar an gcogadh i Matabeleland ag cruinniú den Ard-Chraobh. I gcraoladh de chuid Radio Éireann, dúirt Micheál Ó Maoláin (as Árainn): ‘Ba é an chéad duine i mBaile Átha Cliath ba tsiocair le Gaeilge a chur dá múineadh mar theanga bheo’ (Irish Independent 24 Eanáir 1940)
Tá pictiúr den teach mór Seoirseach sin in Irish Independent 20 Aibreán 1990 (forlíonadh sealúchais) agus measadh gurbh fhiú beagnach leathmhilliún punt an teach agus 153 acra ag an am sin
Bhain alt Mhichíl Uí Mhaoláin [q.v.] ‘An Ghlúin óg’ in Irish Independent 4 Nollaig 1939 le Séamus
Phós an t-athair faoi dhó agus d’fhág sin go raibh leasdeartháireacha aige, ar dhuine díobh Edward a bhí tráth ina eagarthóir ar an Irish Independent. Ní raibh toradh ar chuardach a rinneadh i dtaifid bheireatais na Ceathrún Rua agus pharóistí chathair na Gaillimhe
Ach ba é a sheoladh de réir na bhfógraí báis Béarla agus Gaeilge san Irish Independent 6 Feabhra 1937 ná Buaile, Béal an Átha, Co
Timpeall 1901 bhí sé ina mhúinteoir taistil i gceantar Chaisleán an Bharraigh (Micheál Ó Maoláin[q.v.] in Irish Independent 11 Nollaig 1938) agus d’fhan ann gur ceapadh ina thimire é i mBealtaine 1906
Agus bhí an abairt seo i gcuntas an Irish Independent: ‘..
Dúradh in Irish Independent go raibh Gearmáinis, Fraincis, Danmhairgis agus Ioruais go líofa aige
De réir an Drogheda Independent 2 Iúil 1949 gur chaith sé tamall ina eagarthóir Gaeilge ag an Irish Independent. De réir Fáinne an Lae 28 Feabhra 1925, bhí sé ina rúnaí ar Chomhaltas Uladh
Níl amhras ach go raibh spéis aige i ngluaiseacht na Gaeilge: bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891; tá tagairt in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1893 do lámhscríbhinn Ghaeilge a bhí ina sheilbh; toghadh é ina bhall de Chomhairle Chonradh na Gaeilge (Independent 27 Samhain 1893). Chuaigh sé chun cónaithe i Paradise Hill, Baile na Caillí, tar éis dó dul amach ar pinsean
Bhí fógra báis in Irish Independent, agus in Irish Catholic Directory na bliana dár gcionn, ach ní léir go raibh tuairisc cheart air in aon pháipéar i Maigh Eo ná i nGaillimh ná in aon iris Ghaeilge timpeall an ama sin.
In eagarfhocal an Irish Independent bhí an méid seo: ‘Coming from an Ulster Presbyterian background, his great passion in life was the revival of Irish, but in a way his greatest service to the nation was to exemplify how the traditions of North and South could co-exist peacefully and fruitfully—long before the word pluralist came into vogue’
Dúirt sé gur fhoghlaim sé na scéalta is fearr ó lucht siúil ag glaoch chun an tí ag lorg déirce agus lóistín na hoíche, agus go mbíodh faitíos air nuair a chuirtí amach é d’iarraidh uisce ná aon ní le heagla go gcaillfeadh sé aon phioc den scéalaíocht. Tuairiscíodh in Irish Independent i mBealtaine 1958 go raibh sé ag obair ar an bhfeirm go fóill agus go n-éiríodh sé gach maidin ag 5.30 a.m
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
In An Claidheamh Soluis 4 Bealtaine 1901 dúradh go raibh litir in Irish Independent aige faoi bhunú craoibhe i gCeannanasna Mí
Ní raibh cuntas iarbháis air in Scéala Éireann, Irish Independent, Inniu ná in Carlow Nationalist.
Nuair a d’éag a dheartháir, an Canónach Francis Donnelly, sagart paróiste Lios na Scéithe, 20 Nollaig 1960, dúradh in Irish Independent gurbh é a bhí i bPeadar ‘Gaelic scholar and traditional musician’
Duine eile de na deartháireacha ba ea Séamus, státseirbhíseach. Bhí Peadar i Southampton ar dtús (Irish Independent 6 Nollaig 1938)
Ceathrar mac agus cúigear iníonacha a dúradh in Irish Independent 30 Lúnasa a bhí aige (bhí stailc na nuachtán náisiúnta ar siúl ó 12 Iúil go deireadh Lúnasa; ar 1 Meán Fómhair a bhí tuairisc a bháis in Scéala Éireann )
Thosaigh sé ag scríobh in An Reult, Irish Independent, An Phoblacht agus Scéala Éireann. Ar na leabhair a d’aistrigh sé tá Páistí na nua-fhoraoise, 1933 (Children of the new forest le Captain Frederick Marryat); Píobaire Sídhe Ghleann Mhaoiliúra, 1933 (The fairy minstrel of Glenmalure le Edmund Leamy); Eachtraí Sherlock Holmes, 1936 (le A
Thosaigh sé ag obair sna nuachtáin laethúla ina dhiaidh sin agus chaith sé tamall maith ag obair don Irish Independent
Sholáthraíodh sé ailt ní hamháin do na hirisí léannta Gaeilge agus creidimh (Éigse, Collectanea Hibernica, Irish Ecclesiastical Record, Catholic Survey, Assisi ...) agus do na hirisí staire lógánta (Breifne, Clogher Record, Donegal Annual, Kerry Archaeological Society Journal, Journal of the South Derry Historical Society, Louth Archaeological Society Journal ...) ach do Feasta, An Sagart, Irish Independent ...
Bhí sé ina iriseoir ag an Irish Independent i dtreo dheireadh na 1930idí ach chaill a phost nuair a gearradh siar ar an bhfoireann toisc ganntanas páipéir i rith Chogadh Domhanda 1939-45
I ndeireadh 1934 bhí an chéad alt i nGaeilge i gcló aige san Irish Independent; deich scilling agus réal an táille a tugadh dó
Bhí sí páirteach lena fear céile san obair a dhéanadh seisean mar chomhfhreagraí ealaíne i bpáipéir Independent. I rith 1943-52 bhí sí ag feidhmiú mar rúnaí eagraíochta i ngnó a hathar
Luadh seisear deartháireacha a bheith ar a shochraid (Irish Independent 10 Lúnasa 1959).
Naíscoil Ghaelach a bhí bunaithe aige i Ráth Maonais dhóigh na Black and Tans go talamh é i 1920, más fíor do thuairisc ar an Irish Independent i ndiaidh bhás Ghiolla Chríost. Sa bhliain chéanna sin phós sé Sorcha Ní Mhaolchiaráin as Inis Meáin
Ba chuimhin leis an údar Pádraig Ó Baoighill é a bheith ag múineadh i gColáiste Ros Goill tuairim 1958 agus is dóigh go raibh sé in ann teacht i dtír ar chuma éigin ina dhiaidh sin trí obair mar sin a dhéanamh; chraoladh sé ‘nuachtchainteanna’ raidió faoi ainm cleite. Tá an fógra báis i nGaeilge agus i mBéarla in Irish Independent agus in Scéala Éireann 7 Eanáir 1972: ‘Dónall Mac Grianna [Donal Greene], céile dílis Chaitlín
Is beag má bhí aon duine díobh nár bhain cáil amach, bíodh sin beag nó mór, sna healaíona, sa pholaitíocht, sa phoblachtachas, nó sa scríbhneoireacht. Ar ais in Éirinn dó in 1949 bhí sé fostaithe mar iriseoir ag Scéala Éireann, The Irish Times, Sunday Review, Times Pictorial (nuachtáin de chuid The Irish Times an dá cheann deiridh sin) agus ag The Irish Independent
Anois agus arís bhíodh léirmheas ar dhráma aici in The Irish Independent
Go gairid ina dhiaidh sin bhí ailt aige in The Irish Independent
Cé is moite dá bhfuil in alt seachtainiúil Alan Titley (‘Crobhingne,’ The Irish Times), ag Micheál Ó Conaola in Foinse (Irish Independent 1 Meitheamh 2011) agus i ngnáthchuntas iontaofa The Irish Times 21 Bealtaine 2011, is beag aird a tugadh ar a bhfuil sa dírbheathaisnéis úd
Bhí an rud céanna fíor faoin Irish Independent, an Irish Weekly Independent agus an Evening Herald
Ba é féin a rinne an obair chloiche atá le feiceáil ar bhinn an halla in 1962. Ar deireadh ba chosúil le hambasadóir é agus thug Brian McDonald ‘institution’ air i gcuntas ar thuras Éamoin Uí Chuív ar Inis Meáin le linn toghcháin 2011 san Irish Independent, 12 Feabhra
Gearrscéal i mBéarla ar an Independent aici, d’aistrigh Tomás Ó Concheanainn é agus d’fhoilsigh an Conradh é faoin teideal Blátha Bealtaine (1902)
B’as Cill Chainnaigh dá thuismitheoirí, Maitias Ó Bróithe a bhí ag obair mar chlódóir san Irish Independent, agus Julia Lennon
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Irish Independent ar 26 Bealtaine 1965 d’áirigh Piaras Béaslaí é mar dhuine de na sagairt is mó a rinne saothar ar son na teanga