Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ag pointe éigin, i 1963, b’fhéidir, d’éirigh sé as an bpost tar éis easaontais éigin; ‘cúiseanna pearsanta’ atá luaite in Inniu agus Agus. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sé ina eagarthóir ar Gaelic Weekly; leis na cluichí Gaelacha a bhain an páipéar sin go príomha ach i 1964 sholáthraíodh Máirtín Ó Cadhain ailt ··· Ag tosú ar 24 Deireadh Fómhair 1964 bhí ceithre halt eile leis an gCadhnach i gcló faoin teideal ‘Should the language live’, a bhí bunaithe ar léacht a thug sé ag cruinniú de Thuairim in Óstán Shelbourne 25 Meán Fómhair 1964. Tháinig deireadh le Gaelic Weekly 30 Márta 1968 agus dar le Irish Independent úd 18 Bealtaine 1970 go raibh Pádraig ina fho-eagarthóir acusan le bliain go leith anuas