Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Scríobhadh sé in An Barr Buadh. Sa Heysham Shipping Company i mBéal Feirste a bhí a chéad phost cléireachais aige
Thug an Maicíneach faoi Mhac Giolla Bhríde [B2] ag an gcruinniú á rá gur tharraing sé polaitíocht isteach sa phlé. Bhí aistí Gaeilge i gcló aige in The United Irishman, Sinn Féin, The Irish Nation, Glór na Ly, An Barr Buadh, An Bhearna Bhaoghail. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Bhunaigh sé An Barr Buadh, seachtanán polaitiúil, 16 Márta 1912 agus thosaigh ag scríobh in Irish Freedom in Aibreán 1913 agus is ann a foilsíodh an tsraith ‘From a Hermitage’ a chéaduair. Ag cruinniú (P ··· Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhaigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912 chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú chun cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in An Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978)
Ach tugadh cuireadh dó léacht a thabhairt ag Oireachtas athbheoite an Chonartha in 1939. Bhí taithí aige ar an gcló rómhánach riamh ó léadh sé iris an PhiarsaighAn Barr Buadh in 1912
Thug sé léacht ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar 2 Lúnasa 1911 ag comhdháil a tionóladh i rith an Oireachtais. Bhí aistí i gcló aige idir 1908 agus 1912 in An Claidheamh Soluis, An Macaomh, An Barr Buadh