Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 33
In Western People i ndiaidh a bháis dúradh go raibh sé ina phríomhoide i gCeardscoil Acla sular aistrigh sé go Béal an Átha i 1939. Sholáthraíodh sé nuacht agus aistí faoi Ghaeltacht Mhaigh Eo go rialta sa pháipéar An t–Éireannach ··· I ndiaidh na sraithe sin, foilsíodh roinnt ‘Sgéalta Sidhe an Iarthair’ agus ‘Filí Chondae Mhuigheo’ leis in An t–Éireannach ··· ‘Séamus Mac Dhuibhir’ an leagan den sloinne a bhíonn in An t–Éireannach
Bhíodh sé ag ól go trom agus a spiorad in ísle brí. Is cosúil gurbh é Tomás an chéad iriseoir ar phléigh Seán Beaumont[B1] leis a phlean chun an páipéar An t-Éireannach a bhunú ··· Tá cuid díobh in Aranmen All, 1934 agus Cliffmen of the West, 1935, chomh maith le leaganacha Béarla de cheithre ghearrscéal a bhí in An t-Éireannach
Bhíodh píosaí i gcló aige in An t-Éireannach, Ar Aghaidh, Béaloideas, Gearrbhaile ··· Ní cosúil go raibh aon chlann aige. Tá cuntas ag Eric Mac Fhinn air in Béaloideas agus tá píosa faoi in An t-Éireannach 28 Meán Fómhair 1935
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne. Ceapadh Seán Beaumont[B1] ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993). Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg... ··· D’fhoilsigh Brún agus Ó Nualláin cnuasach de na scéalta a bhí aici in An tÉireannach faoin teideal Ceol na mara, 1938
Gan amhras ní ligfí dó dul ar ais sa Roinn Poist agus Telegrafa agus bhí sé gan phost ar feadh naoi mí, cé is moite de thréimhse ag bailiú fógraí don pháipéar An t-Éireannach ··· Deir Éamonn Ó Ciosáin in An t-Éireannach (lch 66) go ndearna sé ‘tuilleadh purgadóra i gCampa an Churraigh i rith an Dara Cogadh Mór’. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus toghadh ina uachtarán ar an gConradh é i 1946
Thabharfá leat as aiste a bhí aige in An tÉireannach 22 agus 29 Nollaig 1934 (‘De thoradh poilitidheachta’) gurbh i gceantar measctha a tógadh é ··· Agus deir sé faoin tréimhse a chaith sé i nDún na nGall gur ‘phronn muintir Rann na Feirste an t-ainm “Gerrí Mhicí” air, mar a bheadh gur dhuine díobh féin é, i ndiaidh conablach dhá bhliain a chaitheamh ansin, ar fhágáil na státseirbhíse dó’ (idem). Chuir Seán Beaumont[B1] tús leis an bpáipéar An t-Éireannach i 1934
Bhí aistí aige in Ar Aghaidh i 1934-5 agus ghlac sé páirt san iomarbhá fileata faoin ‘dole’ a bhí ar siúl in An t-Éireannach (An t-Éireannach 1934-37: Nuachtán Sóisialach Gaeltachta, 1993 le hÉamon Ó Ciosáin)
Bhí píosa béaloidis i gcló aici in An tÉireannach 7 Nollaig 1935
Bhí sé ina eagarthóir ar: An t-Éireannach, iris an Chonartha i Londain, i 1913; Irish Freedom 1911-14; The Irish World 1918-19; The Separatist, 1922
Ba mhinic leathanach iomlán den pháipéar An t-Éireannach ag an eagraíocht (An t-Éireannach 1934—1937: Páipéar Sóisialach Gaeltachta, 1993 le hÉamon Ó Ciosáin)
Tá cuntas ag Éamon Ó Ciosáin (An t-Éireannach 1934–1937: nuachtán sóisialach Gaeltachta, 1993) ar an obair a dhéanadh sí in oifig An t-Éireannach agus ar an gcomaoin a chuir sí ar an bpáipéar sin
Bhí ábhar i gcló aige in Fáinne an Lae, An tÉireannach, An Sguab, Catholic Bulletin, Leader, Scéala Éireann
Bhí baint mhór aige le páipéar Sheáin Beaumont, An t-Éireannach
In An tÉireannach, 1,8,15 Lúnasa 1936 scríobh an Seabhac: ‘Ba Ghaeilgeoir dúchais í d’anneoin gur le Béarla a tógadh gach duine dá comhaois sa bhaile chéanna’
Tuairiscíodh in An t-Éireannach 6 Aibreán 1935 go raibh bonn an Ollaimh Mhic Chionnaith le bronnadh ag an gCumann Éigse agus Seanchais i rith Sheachtain na Gaeilge
Dúradh in An t-Éireannach, Uimhir 1 Iúil 1910: ‘Mr McSweeney had been associated with practically every Irish society and movement in London but it was in the Gaelic League that he did his very best work for Irish
Ina chomhfhreagraí ag An t-Éireannach
Cuntas báis in An t-Éireannach 15 Nollaig 1934 ag Eric Mac Fhinn.
Tá spéis freisin aige i Shelta, béarlagar na saor, Parlanay agus Romany.’ Tá saothar leis i gcló in Irish School Weekly, Scéala Éireann, Inniu, An Glór, An t-Éireannach, Ar Aghaidh, An Sagart, Béaloideas, Éigse agus Feasta
Mar aguisín in Gaeltacht Ráth Cairn tá ‘Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Ráth Cairn?’, bileog a chuir Séamus Ó Tuathail amach, agus tá ainm Chriostóra i measc na sínitheoirí. Bhí sé ag scríobh ó 1926 amach agus ailt agus scéalta aige in The Irish Tribune, An Stoc, Ar Aghaidh, An Phoblacht, An t-Éireannach
Ó 1910 amach bhíodh aistí aige in irisí mar An Claidheamh Soluis, An Branar, An Síoladóir, An Stoc, Irisleabhar Mhá Nuad, Galway Historical and Archaeological Society Journal, Irish Book Lover, An t-Éireannach
I 1936 bhí cúpla litir i gcló aige faoin teideal ‘Poblachtánaigh an Bhéarla’ in An t-Éireannach 2 agus 9 Bealtaine 1936 agus faoi Dheireadh Fómhair 1937 bhí sé in aontíos le Máirtín Ó Cadhain[B4] agus fear eile in árasán aon seomra ag 4 Sráid Victoria, An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath
Ba é a chum amhrán bolscaireachta na gluaiseachta agus foilsíodh é in An t-Éireannach (i gcló faoin teideal ‘An tSeanBhean Bhocht’ ag Éamon Ó Ciosáin in An t-Éireannach 1934-1937: nuachtán sóisialta Gaeltachta, 1993)
Ar 14 Iúil 1934 dúirt An tÉireannach faoi: ‘Scéal cinnte é gur chuir sé cor níos mó i stair na hÉireann ná chuir cuid mhór de lucht na polaitíochta’
Scríobhadh sé in An tÉireannach agus in The Christian Family
Bhíodh ábhar aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An tÉireannach, The Shan Van Vocht, The Irish Nation, The Parnellite, Cork Examiner
D’fhág sí £200 le huacht ag Conradh na Gaeilge agus a bailiúchán de leabhair Ghaeilge ag Seán Beaumont [B1] agus Lil Nic Dhonnchadha agus cead acu iad a thabhairt don Chonradh. Dúirt Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1925 fúithi: ‘Bhí sí ar na hoibrithe ba dílse agus ba dúthrachtaí dá raibh ar lucht cothaithe na teanga’ agus dúirt An tÉireannach, Meitheamh 1925: ‘Má bhí aon duine riamh a chaill a saol agus a sláinte ar son na Gaeilge ba í Deora an duine sin’. Tuairiscíodh in Scéala Éireann 6 Feabhra 1956 gur osclaíodh an Halla Frinseach ag 19 Plás Éile, Baile Átha Cliath
‘Mairéad Trinseach a rinne saothar mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste’ an cur síos uirthi in An tÉireannach 16 Bealtaine 1936
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 19 Feabhra 1910 go raibh trí scór sa rang aige agus tar éis dó a fháil amach go raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid mhaith díobh gur chuir sé tús le dhá rang, ceann trí mheán an Bhéarla agus an ceann eile i nGaeilge. San iris An tÉireannach, Samhain 1910 (iris an Chonartha i Londain), tá an nóta seo: ‘Thosaigh an tAthair Ó Céileachair ag múineadh na Gaeilge in Ollscoill Learpholl ar an 10ú lá den mhí seo agus is é atá in ann gach cruacheist agus seanleagan sa teanga a mhiniú go soiléir’
Uí Riain [B1] mar eagarthóir ar Inis Fáil, míosachán dátheangach Chonradh Londan, agus ar an iris a lean é, An tÉireannach
Deir an t-údar sa réamhrá: ‘Tá obair bhreá déanta aige le féachaint chuige nach mbeadh bacaíl le sonrú ar chaint an té a bhfuil an fharraige mhór idir é agus tíriúlacht na Gaeilge’. Tá aistí óna pheann le fáil in Ar Aghaidh, An tÉireannach, An tIrisleabhar..
Scríobhadh sé ábhar in An tÉireannach (1912–3), iris an Chonartha i Londain
Bhí ról aici freisin i ndráma Uí Dhuinnín An Tobar Draíochta. Dar le Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] in An tÉireannach 28 Samhain 1936 go raibh drochshláinte uirthi le blianta sular cailleadh í 18 Samhain 1936. Seo é an cur síos a tugadh uirthi in Banba 17 Márta 1903: ‘Aithneoidh gach Gael Eibhlín Ní Dhonnabháin