Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 15
Ó 1929 go 1931, bhí sé ina chomheagarthóir le Peadar O’Donnell ar An Phoblacht agus ó 1929 go 1933 ina eagarthóir ar Republican File ··· Foilsíodh mar phaimfléad sraith alt a bhí aige in An Phoblacht i 1929, The truth about emancipation ··· Chabhraigh sé chun An Phoblacht nua a chur in eagar agus chun léirsiú in aghaidh chorónú Rí na Breataine a chur ar siúl ··· A chara Con Lehane a labhair os cionn na huaighe. Bhí smearaithne ag Proinsias Mac an Bheatha air agus tar éis dó leabhar Sheáin Uí Chróinín a léamh scríobh sé in Inniu 13 Feabhra 1981: ‘Laige ar an leabhar i dtaca leis an Ghaeilge nach n-insítear dúinn go raibh an-tábhacht leis An Phoblacht agus Proinsias Ó Riain ina eagarthóir air mar pháipéar a mbíodh áit ar leith ann don Ghaeilge agus cuid de na scríbhneoirí ba mhó tábhacht san am—Seosamh Mac Grianna agus “Máire” agus Donn Piatt—ag scríobh ann go rialta, agus sin san am nuair nach raibh gléas ar bith eile ann ach ar éigean lena dtuairimí a fhoilsiú’
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí an scríbhneoir agus an t-iriseoir seo ina eagarthóir ar An Phoblacht ó 1973 go 1974 agus arís ó 1977 go 1979 ··· Faoi dhó a bhí sé ina eagarthóir go sealadach ar An Phoblacht, mar a dúradh thuas, le linn na n-eagarthóirí seasta a bheith i bpríosún ··· Maidir leis an gceol a chum sé, cuimhnítear ar an bhfonn mall i gcuimhne na ndaoine a maraíodh i nDoire, Domhnach na Fola 1972 agus ar ‘An Ghailseach’ a chum sé le grá do Luci. Gheofar gearrchuntais ar a shaol in The Irish Times 13 Deireadh Fómhair 2007 agus in An Phoblacht 11 Nollaig 2007 ··· Leis an gcinsireacht in Éirinn lena linn a bhaineann cuid nach beag den réamhrá úd agus deir sé ann gurbh éigean dó éirí tamall as eagarthóireacht An Phoblacht féin nuair a bhraith sé go ndearnadh cinsireacht ar rud a scríobh sé
I nDeireadh Fómhair 1922 ceapadh Breandán mar chló-eagraí ar fhoireann An Phoblacht agus gabhadh é féin agus beirt dá chomhoibrithe i 1923 gur chaith sé a 21ú breithlá i bpríosún sa Churrach ··· Ó Ceallaigh[B4] ina eagarthóir air, agus An Phoblacht
Ó 1924 ar aghaidh, bhíodh idir aistí agus scéalta aige in: The Standard, The Irish Statesman, The United Irishman, An tUltach, Fáinne an Lae, Iris an Fháinne, Humanitas, An Camán, An Phoblacht, Irish Press ··· Tá cuid de na haistí Gaeilge i gcló ag Mac Congáil in Ailt (1977) agus tá a thuilleadh den ábhar, aistí, léirmheasanna, litreacha, corrdhán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bailithe le chéile ag an scoláire sin in Filí agus felons (1987) teideal a bhí ag Mac Grianna ar shraith aistí Béarla in An Phoblacht in 1926; sa chnuasach sin freisin tá aiste, ‘An Aisling’, a scríobh sé in 1953 agus a bhí i gcló in Inniu 7 Iúil 1972. Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An droma mór (1969)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí an Gaeilgeoir seo ina eagarthóir ar An Phoblacht agus chaith sé tamall ina rúnaí ag an Old Dublin Society ··· Chuaigh sé i bpáirt leis na Sealadaigh nuair a tharla an scoilt i Sinn Féin i 1969-70 agus ceapadh é ina eagarthóir ar An Phoblacht
Faoin ainm Seoirse Mac Laghmhainn, leagan Gaeilge de shloinne a mháthar, chuir sé Gaeilge ar ‘trí cómhráidthe d’ár cheap Platón’ in Breith Bháis ar Eagnuidhe, 1929; faoin ainm céanna bhí scéalta ó stair Herodotus faoin teideal ‘An seana-shaol Gréagach’ i gcló aige in An Phoblacht 21 Eanáir go 19 Bealtaine 1928
Thosaigh sé ag scríobh in An Reult, Irish Independent, An Phoblacht agus Scéala Éireann. Ar na leabhair a d’aistrigh sé tá Páistí na nua-fhoraoise, 1933 (Children of the new forest le Captain Frederick Marryat); Píobaire Sídhe Ghleann Mhaoiliúra, 1933 (The fairy minstrel of Glenmalure le Edmund Leamy); Eachtraí Sherlock Holmes, 1936 (le A
I 1904 bhí sé ag soláthar corramhrán do An Claidheamh Soluis agus ó 1918 amach ag scríobh idir aistí agus scéalta do An Stoc, Misneach, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, An Phoblacht agus Ar Aghaidh
Bhí aistí i gcló aige in An tUltach, Inniu, Capuchin Annual, Donegal Annual, An Síoladóir, An Phoblacht
Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 30 Nollaig 1922 go raibh Tomás ag iarraidh ardú tuarastail agus gur socraíodh ar dhá phunt sa mhí a thabhairt dó. De réir Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge III: prós i dtréimseacháin bhí breis is 110 píosa i gcló aige idir 1917 agus 1934 in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, Misneach, An Phoblacht, An Sguab agus Timthire Chroidhe Naomhtha Íosa
Idir 1929 agus 1933 bhíodh ábhar aige freisin in An Phoblacht, Humanitas, Catholic Bulletin, Outlook, Inisfáil
Bhíodh ábhar aige in An Phoblacht. Tá clár a shaothair in Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992 le hIarla Mac Aodha Bhuí
na Gaillimhe, agus bhíodh amhráin a bhailigh sé agus dánta agus scéalta a d’aistrigh sé i gcló ó 1930 ar aghaidh in Gearrbhaile, Ar Aghaidh, An Stoc, An Phoblacht, The Standard...
Mar aguisín in Gaeltacht Ráth Cairn tá ‘Cosnaítear an Creideamh: Chuala tú faoi Ráth Cairn?’, bileog a chuir Séamus Ó Tuathail amach, agus tá ainm Chriostóra i measc na sínitheoirí. Bhí sé ag scríobh ó 1926 amach agus ailt agus scéalta aige in The Irish Tribune, An Stoc, Ar Aghaidh, An Phoblacht, An t-Éireannach
Bhreac Ó Súilleabháin síos an chumadóireacht i leabhar nótaí s’aigese agus bhailigh sé amhráin ó nuachtáin Ghaelacha mar The Gaelic American, The Irish World agus An Phoblacht. Chaith Seán seal ag smaoineamh agus ag cumadh as Gaeilge i gcéin agus i gcóngar agus tá dornán dánta tagtha anuas chugainn ó pheann an tSúilleabhánaigh féin