Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Ní léir cén tslí bheatha a bhí aige as sin go dtí gur thosaigh sé ag foilsiú an pháipéir Aiséirí sna 1940idí ··· Bhí deimhniú na tuairime sin le fáil acu in Aiséirí 1942, bliainiris na Craoibhe, nuair a dúradh ann go raibh sé i gceist Ailtirí na hAiséirí, páirtí polaitiúil, a bhunú ··· ‘Ina pháipéar Aiséirí níor chuir sé fiacail sa mhéid a bhí le rá faoi fhimíneacht pholaiteoirí i nÉirinn nó ar an gcoigríoch—agus i mBéarla ba mhó a bhí sin ó fuair sé amach nach raibh léamh na Gaeilge ag anchuid de na daoine a gcaithfeadh sé dul i bhfeidhm orthu dá mbeadh dóigh ar bith ann a bhfeicfeadh sé “Éire saor, Gaelach agus fíor-Chríostúil—ina eiseamláir de stát freacnairceach Críostúil” mar a deireadh sé nuair a cheistítí é faoin aidhm a bhí roimhe’ (Ó Glaisne) ··· Paimfléid a scríobh agus a d’fhoilsigh Ó Cuinneagáin is ea: Ireland’s Twentieth Century Destiny, 1942; Aiséirí says..., 1943 (ba é an príomhscríbhneoir é); Partition—a positive policy, 1945; Aiséirí for the Worker, 1947
Tugtar le tuiscint in Architects of the resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the fascist ‘New Order’ in Ireland (Douglas 2009), go raibh léirmheasanna ar scannáin aige sa pháipéar Aiséirí in 1945. Chuaigh sé chun na Spáinne i mí na Bealtaine 1946 agus chaith tamall ann le hobair bhord na turasóireachta (Dirección General de Turismo)