Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Is mar sin a insíonn Ó hAodha an scéal ach is é leagan Uí Shiadhail go raibh scoláireachtaí ar fáil d’aisteoirí óga a raibh Gaeilge acu: ‘Ba iad na scoláireachtaí seo a thug Siobhán Nic Cionnaith agus Seán Mac Labhraidh, iaraisteoirí de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, go hAmharclann na Mainistreach.’ Stiana le Peadar Ó hAnnracháin [B1] an chéad dráma a raibh ról aici ann 26-27 Márta 1944, agus an chéad dráma Béarla a raibh sí páirteach ann ná The End House le Joseph Tomelty a thosaigh 21 Lúnasa na bliana céanna