Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Is iad na drámaí leis a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta: An cruastóir agus An mhéar fhada (1995); Mar a chéile muid sa chnuasach Gearrdhrámaí an chéid (2000) in eagar ag Pádraig Ó Siadhail, ar dhúirt sé leis an nGlaisneach ina thaobh gurbh é an dráma ba fhearr leis féin é de na drámaí aonmhíre a bhí scríofa aige. Dar leis an agallamh sin in Inniu gurbh ó thosach deireadh an Charghais a bhíodh na drámaí á léiriú aige sa Spidéal, An Cheathrú Rua, Carna, Cill Rónain, Inis Oírr agus Inis Meáin, agus ba mhinic 400 duine sa láthair ··· Roimhe sin, ó 22 Samhain go 9 Nollaig 1967, bhí Mar a chéile muid ar cheann de na drámaí a bhí á stáitsiú san amharclann chéanna agus 24-26 Deireadh Fómhair 1968 bhí Oíche airneáin, ceol is reacaireacht á chur sa láthair ann aige féin agus a chomplacht ón nGaeltacht
Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil