Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
I Halla Dhoirí Beaga ar 10 Eanáir 1932 a tháinig Aisteoirí Ghaoth Dobhair os comhair an phobail a chéad uair, Bailíodh cathaoireacha le chéile ó thithe sa chomharsanacht. Cuid de na drámaí a léirígh siad ina dhiaidh sin ba é Eoghan a chuir ar fáil iad: drámaí a bhunaigh sé ar shaol na háite, ar déanamh an phoitín agus ar chúrsaí cleamhnais; drámaí a scríobh sé ar théamaí staire mar shaol an Athar Séamus Mac Pháidín (In Aimsir an Mháirtínigh), agus mar a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill an sceitheadóir James Carey (An Fealltóir)