Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Léirigh an Comhar Drámaíochta dráma leis in Amharclann na Mainistreach ar 1 Márta 1926 agus deir Pádraig Ó Siadhail ina thaobh (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘An bundráma ba chonspóidí dár léirigh an Comhar sna blianta luatha seo Dorchadas (1926), traigéide chumasach dhuairc suite ar Oileán Árann le Liam Ó Flaithearta ··· Agus má mhol corrléirmheastóir an dráma, bhí dalladh daoine ann nár thaitin an saothar nó an t-údar leo.’ Bhí baint mhór ag Leon Ó Broin[q.v.] leis an gComhar agus deir seisean in Just like yesterday ..., (1985): ‘I remember March 1926 when we did Liam O’Flaherty’s one and only play, Dorchadas, where the dramatics were both on the stage and off it ··· There was no disturbance whatsoever, however, which I rather regretted, for there is nothing like a row to publicise a play.’ Foilsíodh Darkness, leagan Béarla, in 1926 ach níor léiríodh é; níor foilsíodh an bunleagan Dorchadas, go dtí 2011 (in eagar ag Brian Ó Conchubhair)