Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sé ina chathaoirleach ar Shiamsa, Amharclann Náisiúnta na nDaoine, agus ina uachtarán ar Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail. I measc na ndrámaí a scríobh sé tá: An Casán agus Murchadh an tSolais (dhá dhráma aon mhíre) (1931); Bantighearna an Ghorta (1944), ar roinneadh duais Amharclann na Mainistreach airsean agus ar dhráma Shéamais Uí Aodha, Donnchadh Rua, i 1938; San am soin (1944); Grádh níos mó (1946); Déamar agus a bhean (1952); Prólóg don réim nua (1954). Scríobh sé úrscéalta i nGaeilge agus i mBéarla: Mise Méara (1946); The Splendid pretence (1947); And so began (1973)