Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
I Halla Dhoirí Beaga ar 10 Eanáir 1932 a tháinig Aisteoirí Ghaoth Dobhair os comhair an phobail a chéad uair, Bailíodh cathaoireacha le chéile ó thithe sa chomharsanacht. Cuid de na drámaí a léirígh siad ina dhiaidh sin ba é Eoghan a chuir ar fáil iad: drámaí a bhunaigh sé ar shaol na háite, ar déanamh an phoitín agus ar chúrsaí cleamhnais; drámaí a scríobh sé ar théamaí staire mar shaol an Athar Séamus Mac Pháidín (In Aimsir an Mháirtínigh), agus mar a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill an sceitheadóir James Carey (An Fealltóir) ··· Foilsíodh beagán dá dhrámaí agus dá aistriúcháin: An Sár-Ghadaidhe, 1936 (The Burglar and the girl, dráma le Matthew Boulton), An Fealltóir, 1939 agus In aimsir an Mháirtínigh: dráma staireamhail cheithre ngníomh ag léiriú an tsaoil a bhí ag muintear Ghaoth Dobhair sa bhliain 1889, 1937; An Murlán práis, 1945 (The Brass door-knob le Matthew Boulton).