Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 6
Chuir Proinsias Mac Aonghusa eagar ar Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997); chomh maith le haistí ann lena dheirfiúr Caitlín, lena chliamhain Máirtín Ó Flathartaigh, a iníon Clíona agus a mhac Pádraic, tá cuntais ann ag Liam de Paor[q.v.], Proinsias Mac Aonghusa, Proinsias Mac Cana, Seán Mac Réamoinn, Eilís Ní Bhrádaigh, Anraí Ó Baoighealláin, Art Ó Beoláin[q.v.], Tomás Ó Concheanainn, Brian Ó Cuív[q.v.], Stiofán Ó hAnnracháin, Éamonn Ó hÓgáin, Máirtín Ó Murchú, Úna Uí Bheirn, agus Seosamh Watson, chomh maith lena ndúirt Micheál Mac Craith OFM ag Aifreann éagnairce Thomáis agus le leabharliosta cuimsitheach le Marion Gunn ··· Baineann aiste Uí Mhurchú (‘Ceann Easna agus Pairifín: printís an scoláire 1941-43’) in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde le fadhbanna a bhain le taighde a dhéanamh i measc an phobail aimsir an chogaidh, ar cheann díobh an ganntanas pairifín, agus le ceisteanna a bhain lena choinníollacha oibre ··· In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde tugann Eilís Ní Bhrádaigh cuntas ar an tionscnamh seo, ar na fadhbanna go léir a bhain le cúrsaí téarmaíochta, ar a chomghleacaithe san obair, agus ar an gcaoi ar fhoghlaim sé conas déileáil leis na ranna stáit chun an obair a bhrú chun cinn
Níl sa leabhar seo mar sin ach cuid an-bheag de shaothar Thomáis.’ In Tomás de Bhaldraithe: Cuimhní Cairde, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa deir Proinsias Mac Cana i gcomhthéacs obair fhoclóireachta de Bhaldraithe: ‘Sampla den scoith é an díolaim thoirtiúil de chuimhní cinn Thomáis Laighléis a chuir sé in eagar faoin teideal Seanchas Thomáis Laighléis
Gheofar cuntas ar an gcomhluadar a thaithíodh sé agus ar na cairde ab ansa leis i mBaile Átha Cliath san aiste atá aige in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa
In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997) cuireann Eilís Ní Bhrádaigh síos ar an gcaoi ar athshnaidhmeadh cairdeas eatarthu in 1959: dúirt Niall leis an Muirthileach go raibh deich mbliana, tar éis do Forbairt na Gaeilge a theacht amach, nuair nár labhair Séamus leis ar chor ar bith; i ndiaidh bhás Shéamuis chuir sé eagar ar chnuasach dá ghearrscéalta, Cora cinniúna 1 (1993) agus Cora cinniúna 2 (1993). Is iad seo a chuid aistriúchán: Scairt an dúthchais (1932) (The call of the wild le Jack London); Ise (1933) (She le H
Tá cuntas ar a chaidreamh le Tomás in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde, 1997, in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa [q.v.]. Tar éis dó MA a fháil sa Léann Ceilteach thug scoláireacht taistil é go hOllscoil Bangor ag foghlaim Breatnaise agus teangacha Ceilteacha eile
Bhí dlúthchairdeas aige le Tomás de Bhaldraithe[q.v.], le Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] agus le hArt Ó Beoláin[q.v.] agus tá cuntas ar na teagmhálacha sin aige leo in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (Mac Aonghusa 1997)