Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Foilsíodh a rogha féin dá chuid colún in An peann coitianta (1991), An peann coitianta 2 (1997) agus Ar an bpeann (2006). Bhain Tine chnámh (1984), an chéad chnuasach filíochta leis, Duais Sheáin Uí Ríordáin agus Duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh sa bhliain 1984 ··· Tháinig borradh faoi dhrámaíocht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nuair a bunaíodh Amharclann de hÍde sa bhliain 1992 agus is dóibhsean is mó a bhí Ó Muirthile ag soláthar ó chuireadar Tine chnámh ar stáitse sa Project Theatre den gcéad uair in 1993 ··· Sa léirmheas aici féin in Comhar, Lúnasa 1984, ar Tine chnámh, d’aithin Máire Mhac an tSaoi na tréithe faoi leith a bhain leis an duine agus lena shaothar: Acmhainn agus macántacht an dá ábhalthréith a aithnítear ar dhán Uí Mhuirthile