Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Tar éis tamaill ar an gcúlráid i mBaile Átha Cliath theith sé thar lear i 1735 agus chuaigh go Flóndras an bhliain dár gcionn. Bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath i 1737–8 agus d’fhoilsigh sé an caiticeasma; The Douay Catechism in English and Irish for the use of children and ignorant people, 1738 (The Doway catechism in English and Irish for the use of schools, 1752 an teideal atá ar an eagrán atá sa Leabharlann Náisiúnta, an Béarla sa cholún clé ar gach leathanach agus an Ghaeilge sa cholún ar dheis)