Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhí sé de shuáilceas aici roimh dheireadh a saoil go raibh aon fhascúl déag de chlár lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne Náisiúnta foilsithe óna láimh agus seoda aimsithe aici a bhí i bhfolach leis na cianta cairbreacha, dála fhilíocht Bhlathmhaic, nó an chnuasaigh exempla a d’aimsigh sí go gearr roimh a bás.’ In Éigse, samhradh-geimhreadh 1967, dúirt Brian Ó Cuív [q.v.] i léirmheas ar The Poems of Blathmac son of Cú Brettan…, 1964 in eagar ag James Carney [q.v.]: ‘No discovery in our times has been of such importance to those interested in Irish poetry as that made by Professor James Carney over a decade ago when he found… in a seventeenth-century manuscript in the National Library a body of verse texts on religious themes which are of great antiquity and which, for the most part, are known from no other source.’ Is é atá le rá ag Ó Murchú: ‘Ba dhóigh liom, áfach, gurb í Nessa a d’aimsigh iad