Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets... (2000) deir John Minahane go bhfuil na dánta neamhfhoilsithe bailithe le chéile ag Pádraig Ó Macháin i dtráchtas dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann. Is beag atá foilsithe i dtaobh a shaoil
The Contention of the Bards...., 1918–20 in eagar ag Láimhbhearlach Mac Cionnaith[B2]; ag Norman Moore[B2] in Dictionary of National Biography; ag Cuthbert McGrath [Cuthbert Mhág Craithq.v.] in Éigse IV, Cuid I, 1943 (‘Materials for a history of Clann Bhruaideadha’); in The contention of the bards (Iomarbhágh na bhFileadh) and its place in Irish political and literary history, 1994 (Cumann na Scribheann nGaedhilge), mar a gcaitheann Joep Leerssen amhras ar chuid dá ndeirtear ina thaobh; é i gcomhthéacs an aosa léinn agus litríocht pholaitiúil na Gaeilge ag Breandán Ó Buachalla[q.v.] in Aisling Ghéar ..., 1996; in The Parish of Kilkeedy ..., 1998 le Frank Brew (‘The McBrody Family’); in ‘The Origins of Clann Bhruaideadha’ in Éigse 31, 1999, le Diarmuid Ó Murchadha[q.v.]; agus in The contention of the poets: an essay in Irish intellectual history, 2000, le John Minahane. Tagraíonn scoláirí de ghnáth, agus McGrath go háirithe, do na tuairiscí sa 17ú haois: Propugnaculum Catholicae Veritatis ..., 1669 le Antonius Bruodinus [Antoine Mac Bruaideadha q.v.], garnia le Tadhg, sa Bhoihéim; do chuntas Theophilus O’Flanagan[B6] in Transactions of the Gaelic Society of Dublin, 1808, an té ba thúisce a luaigh 1570 mar bhliain a bhreithe; agus do chuntas Éadbhard Ui Raghallaigh[B6] in A chronological account of nearly four hundred Irish writers, 1820