Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Bhí deirfiúr aici agus beirt deartháireacha ar dhuine díobh Seán, aisteoir, a phós an phearsa cháiliúil amharclainne Phyllis Ryan i mBealtaine 1943 (The company I kept, 1996 le Phyllis Ryan). I mbunscoil Dhomhnach Broc bhí Gaeilge á múineadh mar ábhar breise tar éis am scoile agus ba é a hathair, náisiúnaí daingean, a spreag Eibhlín chun í a fhoghlaim
D’fhostaigh sé an t-aisteoir Phyllis Ryan (1923–2011) chun aisteoirí a thoghadh do na páirteanna go léir agus gheofar cur síos ar an mórócáid sin ina cuimhní cinn The company I kept (1996). I Nua-Eabhrac in 1970 stiúir sé Borstal boy, é bunaithe ag Frank McMahon ar leabhar úd Bhreandáin Uí Bheacháin, agus Niall Tóibín agus Frank Grimes sna príomhpháirteanna