Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Nuair a thug an Church of Ireland Gazette fogha faoin gConradh in 1905 á rá nár le leas na bProtastúnach é, ba é Stephen a d’áitigh ar an gCraoibhín cruinniú a ghairm i mí Dheireadh Fómhair chun an téama ‘Protestant attitudes to the Gaelic League’ a phlé. Mic leis ba ea: na staraithe Aubrey, an tIosánach (17 Feabhra 1892–20 Bealtaine 1983), agus Denis Rolleston (6 Márta 1893–12 Aibreán 1971), a bhí ina dhalta i Scoil Éanna; Edward Lucius (20 Samhain 1890–1919), scoláire Ceilteach a chuir eagar ar The Sack of the Hostel of Dá Dearga; deartháir leis ba ea Edward John (1 Aibreán 1868–10 Feabhra 1941) a bhí ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide