Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Scríobh Mac Anna in Anois, 17-18 Aibreán 1993 (i gcló ag Ó Siadhail 1993): Cheistigh mé an Bord [Amharclann na Mainistreach] tamall ó shin faoin easpa spéise a bhí go soiléir acu i ndrámaíocht na Gaeilge agus ba é an freagra a fuair mé ón gCathaoirleach, Nollaig Mac Piarais [Noel Pearson], nach raibh dualgas de réir dlí orthu drámaí Gaeilge a léiriú. In Fallaing Aonghusa is é a deir Mac Anna: ‘Ní mhaithfinn di [Garry Hynes] an fhaillí a rinne sí i ndrámaíocht na Gaeilge, ach ní chuirfinn an milleán go hiomlán uirthi, mar ní raibh spéis dá laghad ag na stiúrthóirí sa Ghaeilge ach oiread.’ Sa leathanach deiridh de The Abbey Theatre 1899–1999: form and pressure (1999) tá an tOllamh Robert Welch ag teacht leis sin: The one area where there has been conspicuous failure to realize even a reasonable level of activity within all these diverse demands is that relating to drama in the Irish language