Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Is dócha gur i scoil Thaidhg [Uí Neachtain]—b’fhéidir ó Liam Ó Loingsigh—a d’fhoghlaim sé an pheannaireacht idir nodanna agus eile.’ Tá tagairt ag Donn Piatt[B2] don leabhar urnaithe in Cois Life Fadó, 1985: ‘Sa bhliain 1746 thosaigh sé Leabhar Urnaithe Sunradhacha agus Dánta Diadhachta, “arna dtiomsughadh le Seán Mac an tSaoir, ro thionscain do scríobhadh i mBaile Átha Cliath Duibhlinne ar an treas lá don Mhí Mheán Samhraidh, an bhliain d’aois Chríost, míle seacht gcéad ceathracha agus a sé” agus rinne roinnt oibre ina dhiaidh sin ar Tóraíocht ar Lorg Chríosta