Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Gheofar tuairim den údarás agus den chinnteacht a chleachtadh sé mar stíl Ghaeilge sna haistí in Ón gcrannóg agus Súil tharam ··· Shíl sé féin gur ‘díbirt neamhdhaonlathach’ a bhí ann (‘Páirtí na Scoilteanna’, Súil tharam, 2001) ··· ‘Deirtí san am, agus ba mhaith liom a cheapadh gur fíor sin, go raibh tionchar mór ag mo chuidse oibre ar thoradh an Reifrinn úd’ (alt a scríobh sé 28 Lúnasa 1988, i gcló in Súil tharam) ··· Is iad teidil a chuid leabhar, seachas iad sin atá luaite thuas againn: The best of Connolly (1967) (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin[q.v.]); The best of Pearse (1972), (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin); The best of Tone (1976) (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin); Éamon de Valera – na blianta réabhlóideacha (1982); Éamonn de Valera – quotations (1983); Ón gcrannóg (1991) (cnuasach aistí); Ros Muc agus Cogadh na Saoirse (1992) (leabhrán); What Connolly said (1995); Súil tharam (2001)
In Súil Tharam: Aistí Aimsir Éigeandála, 2001 deir Proinsias Mac Aonghusa gur shínigh sé achainí go scaoilfí Ezra Pound saor: ‘Nuair a hathraíodh an rialtas sa bhliain 1951 agus go raibh Fianna Fáil ar ais arís, dúirt Ambasadóir Mheiriceá le haire rialtais áirithe gur cumannach a bhí in Val agus nár cheart a leithéid a bheith sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ··· Ba é a scríobh an t-alt sa Leader ar an bhfile Patrick Kavanagh, an píosa scríbhneoireachta a chuir tús leis an triail chlúmhillte fhada cháiliúil i 1952 (Súil Tharam)
Tá cuntais iarbháis: ag Micheál Mac Aonghasa in Anois 19-20 Feabhra 1994; ag Proinsias Mac Aonghusa in Anois 26-27 Feabhra 1994 (i gcló freisin in Súil Tharam: aistí aimsir éigeandála, 2001)