Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 26
Ba bhall é den choiste a rinne obair chun amharclann Ghaeilge a bhunú ach d’éirigh sé as mar gheall ar easaontas le Liam Ó Briain[B3], mar a thaispeánann Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993
Deir Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993: ‘Ba é Na Díbeartaigh le hÉamonn Ó Néill an chéad dráma bolscaireachta stairiúil’. Is annamh a bhíonn a ainm le feiceáil i ndiaidh 1909
Tá léargas ar a thábhachtaí a bhí sé sa Taibhdhearc agus ar a chaidreamh ar Liam Ó Briain [B3] in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail
Tá cuntas cuimsitheach in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail ar an dul chun cinn go léir a d’éirigh leis a dhéanamh, i dTaibhdhearcna Gaillimhe go háirithe
Tá na drámaí Gaeilge a léirigh na Cluicheoirí ann liostaithe ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993. Ní raibh blianta deiridh a shaoil róshona
In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 roghnaíonn Pádraig Ó Siadhail é mar shampla ar an ‘mianach an-íseal’ a bhí i gcuid de dhrámaí an Chomhair Drámaíochta
Dráma grinn aon-mhíre, 1931, ar tugadh an chéad léiriú dó in Amharclann na Mainistreach 4 Márta 1929 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus Draoidheacht Chaitlín, 1932, ar tugadh an chéad léiriú dó sa Phéacóg 25 Bealtaine 1930 (idem)
Is leis na Seadh-seónna go príomha a bhaineann caibidil a 4 de Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail
1-4 Bealtaine 1941 an dáta (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail)
Tá cuntas ag Pádraig Ó Siadhail (‘Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair’) in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 agus deir sé: ‘Is tuar dóchais de shaghas éigin é go bhfuil idir Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair ann fós
Chuir Seoirse, Osborn Bergin[B2] agus Séamus Ó Séaghdha[B2] leagan giorraithe de Leabhar na nUrnaithe Comhchoiteann ar fáil i 1938-39 do APCK faoin teideal Leabhar na n-Urnaihi Cóchoitteanna. Is léir ar an aguisín (‘Taibhdhearc na Gaillimhe: Clár na Léirithe 1928-1970’) a chuir Pádraig Ó Siadhail le Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 gur chuir sé spéis mhór sa drámaíocht le linn dó a bheith i nGaillimh
B’in é an Comhar Drámaíochta agus bhí sé ina chathaoirleach air ina dhiaidh sin; tugann Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail cuntas ar imeachtaí an Chomhair agus ar a mhinicí a léirítí bundrámaí agus aistriúcháin Uí Bhroin
Scríobh sé agus léirigh drámaí agus d’aistrigh drámaí ón mBéarla agus tá cuid díobh a stáitsíodh in Amharclann Damer liostaithe ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993: Áirneán (bundráma i gcomhar le Gearóid Ó Tighearnaigh) 14-19 Samhain 1955; Olc maith (aistriúchán ar shaothar le Philip Johnson) 14-19 Samhain 1955; Scáth a chéile (bundráma) 23 Feabhra—1 Márta 1958); An maor fallsa (bundráma i gcomhar le Gearóid Ó Tighearnaigh) 13-18 Deireadh Fómhair 1958; Soir siar (ilsiamsa) 7-17 Nollaig 1960; Castar na Daoine (aistriúchan ar shaothar le Stuart Ready) 23-28 Feabhra 1959
Léirigh an Comhar Drámaíochta dráma leis in Amharclann na Mainistreach ar 1 Márta 1926 agus deir Pádraig Ó Siadhail ina thaobh (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘An bundráma ba chonspóidí dár léirigh an Comhar sna blianta luatha seo Dorchadas (1926), traigéide chumasach dhuairc suite ar Oileán Árann le Liam Ó Flaithearta
D’aistrigh sé The taming of the shrew go Gaeilge faoin teideal Suirí le Cáitríona agus rinne é a shuíomh in Éirinn an 20ú haois; léiríodh in Amharclann Damer é 3-8 Meitheamh 1957 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail)
Dráma Gaeilge freisin is ea Tycoon a léirigh Compántas Chorcaí sa CCYMS Little Theatre i gCorcaigh i bhFeabhra 1967; léirigh an Club Drámaíochta in Amharclann Damer é 4-22 Deireadh Fómhair 1966 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail). Bhí i gceist aige liostáil sa Bhriogáid Idirnáisiúnta i gCogadh Cathartha na Spáinne ach ba é cinneadh Sheáin Murray, rúnaí Pháirtí Cumannach na hÉireann, gurbh fhearr a d’fhóinfeadh sé do chúis an Pháirtí go bhfanfadh sé sa phost a bhí aige
Gheofar tuairim de na drámaí a d’aistrigh sé don Taibhdhearc in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail
Chaith sé blianta fada mar stiúrthóir ar Thaibhdhearc na Gaillimhe; i measc na ndrámaí a d’aistrigh sé bhí Monserrat (le Emmaneul Roblès) 12-15 Bealtaine 1960 agus Robáil gan stró ("Anyone can rob a bank" le Tomás Coffey) 27-30 Aibreán 1961 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail). Spreag sé peil, iománaíocht agus lúthchleasaíocht sa phobal áitiúil agus bhí ina thraenálaí ag Cumann Naomh Éinde ar feadh na mblianta
In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Ag tús Lúnasa, trí seachtaine roimh oscailt na hamharclainne, tharraing bean Thomáis Mhic Enrí siar as an dráma—más fíor a reictear, níor thaitin sé lena fear céile go mbeadh uirthi fear eile—Mac Liammóir!—a phógadh is ba í Máire Ní Scolaí a tugadh isteach i bpáirt Ghráinne ina hionad.’ In All for Hecuba, 1946 tá seo ag Mac Liammóir: ‘I was playing Diarmuid myself, Liam [Ó Briain][B3] was Fionn, and Máire Ní Scolaidhe, a lovely dark girl with astonishing golden eyes, was Gráinne
Deir Pádraig Ó Siadhail (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993: ‘I rith na ndaichidí agus na gcaogaidí, ba ghnách leis na Céitinnigh drámaí a stáitsiú go measartha rialta
Agus ag tagairt dó d’aisteoirí an Damer timpeall 1962 deir Pádraig Ó Siadhail (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘Cuireadh le mianach na buíne sin nuair a tháinig Breandán Ó Dúill, Mae Crowe is Dónall Farmer ..
Bhí dlúthbhaint aige le bunú na scoileanna pobail, na scoileanna cuimsitheacha agus na gcoláistí réigiúnda teicneolaíochta. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma Ach ní castar na cnoic 17-20 Márta 1955 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus ar dhrámaí
Ach is dóigh liom go mb’fhéidir gur réitigh an saghas san scríbhneoireachta liom níos mó ná saghasanna eile’ (Innti). In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 (1993) tugann Pádraig Ó Siadhail cuntas ar Chompántas Chorcaí, díorma aisteoirí a bhunaigh Ó Tuama agus Dan O’Donovan in 1953 chun drámaí a stáitsiú i gCorcaigh
Bhí sé tamall ar bhord Amharclann na Mainistreach. Tugann Aguisín III (‘Taibhdhearc na Gaillimhe: Clár na Léirithe 1928-1970’) ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 léargas ar ar éirigh leis a dhéanamh idir 1936 agus 1964
Ag tagairt do Chompántas Amharclainne na Gaeilge in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (1993:132) deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Stáitsigh an Compántas roinnt drámaí spéisiúla sna caogaidí, go háirithe aistriúchán Eibhlín Ní Mhurchú ar Ile le Eugene O’Neill.’ Ó 1957 amach bhíodh sí ag aisteoireacht sa Damer (Ní Chinnéide 2008) agus ar 16–21 Samhain 1959 bhí sí ar dhuine d’Aisteoirí na Gaeltachta agus an phríomhpháirt aice sa dráma Oidhreacht bhideoig mhóir le Proinsias Mac Diarmada[q.v.], agus in 1960 bhí sí i bpáirt Mháire Magdailéin sa dráma An chúis in aghaidh Íosa, aistriúcháin ar Procès à Jésus (Fabbri 1960)
In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970 (Ó Siadhail 1993) tá grianghraf de agus é páirteach in An béal bocht sa Taibhdhearc