Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Tá cuntas aige ar a shinsir agus ar chúrsa a shaoil féin in Seanchas an táilliúra, 1978 (Seán Ó Cróinín a bhailigh agus Aindrias Ó Muimhneacháin a chuir in eagar) ··· Ní raibh go fóill ach an t-aon mhac amháin acu, Pádraig, a bhí dhá bhliain d’aois. Garchomharsa le Tadhg ba ea Aindrias Ó Muimhneacháin agus dúirt seisean faoi i réamhrá Seanchas an Táilliúra: ‘Daoine, mo dhála féin, a raibh dlúthaithne acu ar an dTáilliúir, cuimhneoidh siad fós ar a staidiúir sheanchaíochta-an chuma a fhéachadh sé uaidh amach cruinn díreach ar a lucht éisteachta nó leathchliathánach uaireanta, a cheolmhaire agus a thomhaiste a bhí a chaint, a mheanmnaí a bhíodh sé agus conas mar a bhíodh an dá shúil ag rince ina cheann agus fáth an gháire coitianta ar a bhéal; is ea, agus an scairteadh groí gáire as a bholg aníos a chuireadh sé as nuair a bhíodh aon ní taibhseach nó greannúr nó áiféiseach eachtraithe aige
Bhailigh Seán Ó Cróinín [B5] seanchas óna athair (réamhrá le Seanchas an Táilliúra) ··· Comharsa i nGaorthadh na Péice ba ea Tadhg Ó Buachalla [B4] agus ba é Aindrias a chuir eagar in Seanchas an Táilliúra (1978) ar an ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín [B5]
Seán Ó Buachalla ab ainm dó...’ (Seanchas an táilliúra, 1978)
I measc na mbailiúchán a foilsíodh tá: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse, 1971; Seanchas an Táilliúra, 1978 (ábhar a bhailigh sé ó Thadhg Ó Buachalla [B4] in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin); Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, 1980; Seanachas Phádraig Í Chrualaoi, 1982; Seanachas ó Chairbre 1, 1985 (ábhar a bhailigh sé ó Sheán Ó hAo [q.v.]) . Ba mhinic Seán agus Denis Murphy, fidléir Shliabh Luachra, le cloisteáil ar Radio Éireann, Seán ag seanchas ar na foinn agus an fear eile á seinm