Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Tuairimíonn Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile gur bhualadh a thug scata ógánach dó i nGaillimh tamall roimhe sin a ghiorraigh a shaol. I 1935 nocht Éamon de Valera dealbh de Phádraic ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe agus mar chomóradh céad bliain i 1982 nocht Máirtín Ó Direáin leacht ag a uaigh sa Reilig Nua, Gaillimh. Tá a shaothar liostaithe in Pádraic Ó Conaire: léachtaí cuimhneacháin (1982), Nóra Mharcais Bhig agus sgéalta eile (1909), Deoraidheacht (1910), An chéad chloch (1914), Seacht mbuaidh an Éirghe Amach (1918), An crann géagach (1919), Síol Éabha (1922), M’asal beag dubh (g.d.) na leabhair is minice faoi thrácht
Chuir sé eagar freisin ar: Nuascéalaíocht 1940-1950 (1952); Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire (1956); Seacht mbua an Éirí Amach (1967) le Pádraic Ó Conaire; Cín lae Amhlaoibh (1970); Seanchas Thomáis Laighléis (1977); Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1985) le Tomás Ó Cléirigh[B4]