Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha. An dara heagrán, 1932