Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 5
Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978
Dhéanadh sé moltóireacht ar iarrachtaí drámaíochta i gcomórtais liteartha an Oireachtais. Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin [B3] ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin)
Múinteoir Sheáin Uí Ríordáin: ‘Chomh fada leis na múinteoirí, idir bhráithre is thuataí [sa Mhainistir Thuaidh], is follas go mba mhó scáth Thaidhg Uí Dhuinnín an tSléibhe Riabhaigh ar a aigne ná éifeacht aon duine a bhí anseo aige’ (Seán Ó Coileáin, Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982)
ó Shéamas Caomhánach, fear nárbh fhéidir a bheith in amhras ar a dhintiúirí chun a labhartha, nach raibh an Ghaeilge ag aon duine riamh’ (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982). In ainneoin a raibh d’ardmheas air ag a chomhscoláirí is beag a scríobh sé; dá chomhartha sin níl lua ar aon rud leis sa leabharliosta fada in Stair na Gaeilge in ómós do Pádraig Ó Fiannachta, 1994
A bhfuil le rá aige i dtaobh teagmhálacha gnéis idir othair agus banaltraí óga, chuirfeadh sé i gcuimhne don léitheoir na sleachta as dialanna Sheáin Uí Ríordáin in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (1982) le Seán Ó Coileáin