Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Is léir ar Samuel Ferguson: beatha agus saothar, 1993 le Gréagóir Ó Dúill gur shíl scoláirí óga gurbh é a dhíothaigh Coimisiún na dTaifead in 1830 agus rannóg taighde séadchomharthaí seandachta na Suirbhéireachta Ordanáis
Ach in Samuel Ferguson: beatha agus saothar, 1993 déanann Gréagóir Ó Dúill talamh slán de gurbh é an Loingseach a bhí ag múineadh Gaeilge sna luath-thríochaidí do Ferguson, do Thomas O’Hagan (1812-85) agus do George Fox agus gur fhág sin ‘gur mar phíosa grinn a roghnaigh Ferguson agus a chomhdhalta Fox an chéad amhrán Gaeilge a d’éirigh leo a aistriú, a bhfuil cáil air mar “The County of Mayo”.’ I dtaifid pharóiste Loch an Oileáin d’aimsigh Mac Giolla Fhinnéin Pat Lynch a d’éag an 27 Samhain 1838 agus ba dhóigh leis gurbh é seo an Pádraig s’againne
Chuir polasaithe an rialtais le linn an Ghorta fearg air agus bhí sé ina rúnaí ar an Irish Council in 1847, iarracht ar mhaolú ar an bhfulaingt; bhí gach dream polaitiúil rannpháirteach inti. Tá a bheathaisnéis scríofa ag Gréagóir Ó Dúill: Samuel Ferguson: Beatha agus Saothar, 1993 agus tá aige ann leabharliosta cuimsitheach chomh maith le liosta d’fhoinsí lámhscríbhinne agus aircíviúla