Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets..