Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil. Rugadh Séamus i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste, Co ··· Faoi Fhéilimí dúirt Séamus Ó Grianna in Rann na Feirste (1942): “M’athair an scéalaí is fearr a chuala mé riamh ··· Bunleabhair leis is ea: Micheál Ruadh (1925); Sraith na Craobhruaidhe (1927-c.1930); Feara Fáil (1933); Thiar i dTír Chonaill (1940); Rann na Feirste (1942); An aibidil a rinne Cadmus (1944); Saoghal corrach (1945); Scéal úr agus sean-scéal (1946); An teach nár tógadh (1948); Ó neamh go h-Árainn (1953); An clár is an fhoireann (1955); Fód a’ bháis (1955); Tráigh is tuile (1955); Fallaing shíoda (1956); Tarngaireacht Mhiseóige (1958); An draoidín (1959); An bratach (1959); Ó mhuir go sliabh (1961); Úna Bhán (1962); Suipín an iolair (1963); Cúl le muir (1963); Bean Rua de Dhálach (1966); Le clap-sholus (1967); An sean-teach (1969); Oidhche shamhraidh agus scéalta eile (1968); Cora cinniúna 1 (1993); Cora cinniúna 2 (1993) ··· I Samhain 1989, céad bliain i ndiaidh a bhreithe, bhí Féile “Mháire” ar siúl i Rann na Feirste agus bhí aistí beathaisnéise i gcló in Anois (19 Samhain) ag Risteárd Ó Glaisne agus an Dr Damien Ó Muirí, agus in Feasta ag Risteárd Ó Glaisne
D’fhoilsigh siad freisin foclóir Gaeilge-Béarla agus péire leabhar le Séamus Ó Grianna[B2]: Rann na Feirste, [1943] agus An Saoghal Corrach, [1945]
I Rann na Feirste in aice le hAnagaire a rugadh Seosamh ··· Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair, a ndúirt Séamus faoi (Rann na Feirste, 1942) gurbh é an scéalaí agus an cainteoir Gaeilge ab fhearr a chuala sé riamh ··· Chaith sé tamall in aontíos lena dheartháir Séamus ach ní raibh siad ag réiteach le chéile agus ba chorrach cibé caidreamh a bhí eatarthu ina dhiaidh sin. Cuireadh bunoideachas air i Rann na Feirste agus bhí sé ina mhonatóir ann ··· Seachas cúrsaí samhraidh in Ó Méith agus i Rann na Feirste, sheachain sé an cheird as sin amach ··· Tá cuid de na haistí Gaeilge i gcló ag Mac Congáil in Ailt (1977) agus tá a thuilleadh den ábhar, aistí, léirmheasanna, litreacha, corrdhán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bailithe le chéile ag an scoláire sin in Filí agus felons (1987) teideal a bhí ag Mac Grianna ar shraith aistí Béarla in An Phoblacht in 1926; sa chnuasach sin freisin tá aiste, ‘An Aisling’, a scríobh sé in 1953 agus a bhí i gcló in Inniu 7 Iúil 1972. Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An droma mór (1969)