Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Chuaigh sé ar thurais leis an eachtránaí cáiliúil Paddy Barry go hAlbain agus go dtí an Íoslainn agus chaith sealanna sa bhád tacaíochta a bhí ag leanúint naomhóg an chriú ó Chorca Dhuibhne ar an turas ab ábhar don scannán Iomramh an camino/The Camino voyage (2018). In Oilithreach pinn (2017) tá tuairisc chruthaitheach ag Ó Muirthile ar a shiúlóid 770 ciliméadar ó thosach deireadh an Camino Francés i bhfómhar na bliana 2015 ··· Tá dánta leis an bhfile Gailíseach Rosalía de Castro (1837–85) aistrithe aige, le cabhair ó Bhéarla Michael Smith, in Oilithreach pinn, a bhain Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana 2018