Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
B’fhéidir gur mhoilligh a choiscéim shiúil ach cuimhneoidh mé i gcónaí ar an bhfear tanaí éadrom a léimeadh ar a rothar i dtús shaol Inniu le dul chuig na clódóirí nuair a bhí Inniu á chlóbhualadh i mBaile Átha Cliath, nó le dul ar thóir na mblocanna nó na bpictiúr.’ Deir Ó hUrmoltaigh go raibh sé ag éirí bodhar sa deireadh. Scríobh sé úrscéal: Oidhche i nGleann na nGealt, 1943 ··· Agus é ag tagairt d’aistriúcháin an Ghúim ar úrscéalta bleachtaireachta deir Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Cibé sceacha a chuir siad sin go léir sa bhearna ní móide go bhféadfaí íota, mar a síleadh, léitheoirí na Gaeilge chun an ábhair seo a shásamh gan earra dúchais a sholáthar, agus ba é Oidhche i nGleann na nGealt le Ciarán Ó Nualláin a chéadchuir a ghob amach.’ Molann an t-údar céanna carachtar bhleachtaire an scéil, Parthalán Mac Mórna; foilsíodh a thuilleadh dá ghaiscí bleachtaireachta in Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna, 1944