Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Foilsíodh a leabhar Ogam; the poet’s secret i 1981. Scríobh a iardhalta agus a chara Proinsias Ó Conluain in Éigse Cheol Tíre 3, 1981: ‘Tá sé ró-luath fós le léirmheas a dhéanamh ar shaothar Sheáin Uí Bhaoill mar bhailitheoir, ach níl aon dabht ann ach gur beag duine a bhí ann lena linn a raibh a oiread eolais aige ar stair agus ar chúlra na n-amhrán (i nGaeilge agus i mBéarla), ar a struchtúr, ar a meadaracht, ar lucht a gcumtha agus ar lucht a gcanta