Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Agus dúirt Séamus Ó Searcaigh in Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1934): “An moladh is mó atá tuillte aige gur scríobh sé leabhair ina bhfuil an Ghaeilge is fearr agus is glaine dá bhfuil sa Nua-Ghaeilge”
Bhí sé pósta le Mary Agnes Cassidy ó Dhroim Bairr in aice le baile Dhún na nGall agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967)