Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Tá cuid de na haistí Gaeilge i gcló ag Mac Congáil in Ailt (1977) agus tá a thuilleadh den ábhar, aistí, léirmheasanna, litreacha, corrdhán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bailithe le chéile ag an scoláire sin in Filí agus felons (1987) teideal a bhí ag Mac Grianna ar shraith aistí Béarla in An Phoblacht in 1926; sa chnuasach sin freisin tá aiste, ‘An Aisling’, a scríobh sé in 1953 agus a bhí i gcló in Inniu 7 Iúil 1972. Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An droma mór (1969) ··· In Seosamh Mac Grianna: aistritheoir (2005) tá staidéar le Seán Mac Corraidh ar dhosaen de na haistriúcháin a rinne sé don Ghúm. Deir Ó Dónaill gur tharla na heachtraí sin go léir a bhfuil cur síos orthu in Mo bhealach féin ach gur chuir Mac Grianna craiceann orthu; meastar gurb úrscéal dírbheathaisnéisiúil é
Creidim nár dhúras a leithéid fá leabhar ar bith eile ach amháin Mo Bhealach Féin’ (An Glór, 6 Samhain 1943). Scríobh sé freisin Scéal ár dtíre (1923), leabhar le A