Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
D’aistrigh sé as sin go dtí Ceardscoil Loch an Iúir agus bhí ann go ndeachaigh sé amach ar pinsean 1975. Scríobh sé trí úrscéal: Mian na Marbh, 1937, a bhaineann le saol na n-oibrithe Éireannacha in Albain; le mianadóireacht an ghuail in Airgneach a bhaineann an dara húrscéal, Thiar i nGleann Ceo, 1953 – bhí sé ag an nGúm ar feadh deich mbliana sular fhoilsigh siad é agus roghnaigh an Club Leabhar é nuair a tháinig an dara heagrán amach i 1969; Gasúr de chuid Bhaile na nGrág, 1955